Méid an Téacs

Leabhar Nua “Music is the Key”

Feabhra 16, 2012

Déanann “Music is the Key to unlocking your child’s potential” scríofa ag Karen O’ Connor, Comhairleach Urlabhra agus Teanga, cur síos ar an dul chun cinn a dhéanann páistí le hUathachas, Sindróim Aspergers, Dyspraxia agus dúshláin foráis eile, le cabhair ó Theiripe Fuaime le bunús Ceoil. Déanann sí cur síos ar an maitheas a dhéanann sé do pháistí go háirite ar an gcaoi a ndéanann sé páistí níos socair.  Bíonn siad níos áirdiúil, níos dírithe iad agus cabhraíonn sé lena gcumas foghlaim.

Tháinig Theo, trí bhliana d’aois go dtí Karen le hUachtachas trialach. Tar-éis dhá bhliain, tá Theo in bhuachaill spraíúil, geall gháireach. Tá sé ag freastal ar a scoil áitiúil gan aon tacaíocht bhreise. Tháinig Raphael go dtí í mar stop dheireadh. Bhí fíor bheagán cainte aige agus ní raibh aon idirghníomhú aige le daoine eile. Anois tá neart cainte aige mar a bheadh ag aon pháiste eile chúig bhliana agus taitníonn go mór leis a bheidh ag spraoi lena chairde.

Is é “Music is the Key to unlocking your child’s potential” an chéad leabhar i sraith leabhar a thabhairfeas dóchas do thuismitheoirí agus do pháistí trí scéalta cosúil le scéal Theo agus Raphael a chloisteáil agus an bealach a chlóigh siad a bhfadhb foráis le Theiripe Fuaime le bunús ceoil.

Tá seacht mbliana déag taithí ag Karen o’ Connor, atá bunaithe i nGaillimh, ag obair le páistí le fadhbanna foráis. Scríobh sí an leabhar seo chun a cuid taithí agus eolas a roinnt le teaghlaigh ar fud an domhain.

Tá an leabhar “Music is the Key to unlocking your child’s potential” foilsithe ag Londubh ar an 17ú Feabhra 2012 ar €12.99/£10.99.