Méid an Téacs

Léiríonn suirbhéanna treoracha ar roghanna tuismitheoirí maidir le pátrúnacht go bhfuil éileamh ar éagsúlacht

Nollaig 12, 2012

Foilsíonn an tAire Oideachais tuarascáil ar shuirbhé a rinneadh ar thuismitheoirí i gcúig cheantar threoracha mar gheall ar phátrúnacht bunscoileanna

Taispeánann suirbhéanna a rinneadh i gcúig cheantar threoracha mar gheall ar phátrúnacht bunscoileanna go bhfuil éileamh i measc tuismitheoirí i ngach ceann de na bailte sin ar rogha pátrúnachta níos mó.

Rinneadh suirbhéanna san Inbhear Mór, i gCaisleán an Bharraigh, i dTrá Mhór, i mBaile Átha Troim agus i bhFionnbhrú mar chuid de fhreagra den Aire Oideachais & Scileanna ar an bhFóram um Pátrúnacht agus Iolrachas in earnáil na mBunscoileanna. Socraíodh suirbhé a dhéanamh ar na cúig bhaile sin sula leathnófaí an suirbhé go dtí na 44 baile eile a aithníodh i dTuarascáil an Fhóraim ar Phátrúnacht.

Taispeánann na cúig shuirbhé gurb é Educate Together an chéad rogha i ngach ceann de na cúig bhaile. Tá gaelscoil i ngach ceann de na cúig bhaile cheana féin, ar féidir léi freastal ar an éileamh ar scoil Ghaeilge a tháinig chun cinn sa suirbhé.

Ba é an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua a d’fhíoraigh sonraí an tsuirbhé. Agus tuarascáil na Roinne chuig an nGrúpa i dtaobh na cúig shuirbhé á fhoilsiú aige, dúirt an tAire Ruairí Quinn, T.D., ‘Thug an suirbhé seo deis do thuismitheoirí an cineál scoile a theastaíonn uathu dá gcuid páistí a chur in iúl. Cé go bhfuil mórchuid daoine sásta leis na scoileanna atá ar fáil cheana féin ina gceantar, is léir go bhfuil daoine eile ag lorg rogha níos mó.”

“Iarrfaidh mé anois ar an bpríomhphátrún i ngach ceantair, an t-easpag nó an t-ardeaspag Caitliceach, breithniú a dhéanamh ar conas a d’fhéadfadh sé dóthain cóiríocht scoile a chur ar fáil chun na roghanna sin a éascú.”

Beidh an tAire ag iarraidh ar gach duine de na pátrúin dul i gcomhairle leis na pobail scoile ina gceantar féin. Beidh an Roinn ag súil le freagra eatramhach i gceann trí mhí agus freagra deiridh i gceann sé mhí.

Tá fógartha ag an Aire Quinn cheana féin go ndéanfar an suirbhé sna ceantair eile go luath i mí Eanáir. “Sna bailte eile a aithníodh i dTuarascáil an Fhóraim ar Phátrúnacht beidh deis ag tuismitheoirí a gcuid tuairimí a chur in iúl ar an rogha bunscoileanna atá ar fáil ina mbailte féin i suirbhé a dhéanfar ón 9 Eanáir ar feadh míosa.”

Tugtar sa tuarascáil a foilsíodh inniu mionchuntas ar thoradh na gcúig suirbhé a rinneadh i gcaitheamh trí seachtaine ag tosú ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.   Iarradh ar thuismitheoirí a raibh leanaí réamhscoile agus bunscoile acu bheith páirteach sa suirbhé ar líne le fáil amach an raibh éileamh ar rogha pátrúnachta níos leithne ina gceantar. Fuarthas freagraí ó 99% de thuismitheoirí, nach mór.

Ba é aidhm an tsuirbhé a fháil amach cén t-éileamh a bhí ann i measc tuismitheoirí ar rogha pátrúnachta i mbunscoileanna sna ceantair sin.  Tá daonra measartha cobhsaí ag gach ceann de na cúig bhaile sin agus mar sin is beag seans go n-osclófar scoil nua in aon cheann díobh sna blianta amach romhainn.  Fuarthas 1,836 freagra bailí ar an suirbhé.  B’ionann sin agus freagraí ar son 3,494 páiste sna cúig cheantar.

Chuir idir 37% agus 50% de na tuismitheoirí sna cúig cheantar in iúl gur mhaith leo rogha pátrúnachta níos leithne.  Dúirt idir 26% agus 36% de thuismitheoirí sna ceantair sin go gcuirfidís a gcuid leanaí chuig scoil faoi phátrúnacht eile dá mbeadh sí ar fáil.  Bhí idir 34% agus 44% de thuismitheoirí sásta leis an rogha a bhí acu i láthair na huaire.

Maidir leis an rogha idir scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge, roghnaigh idir 70% agus 80%, nach mór, scoil Bhéarla, agus idir 10% agus 21% scoil Ghaeilge.

I gcás na dtuismitheoirí sin a dteastaíonn rogha pátrúnachta níos leithne uathu, ba é Educate Together céad rogha idir 58% agus 76% de thuismitheoirí, ba é An Foras Pátrúnachta céad rogha idir 6%agus 26% de thuismitheoirí agus ba iad na Coistí Gairmoideachais céad rogha idir 10% agus 19% de thuismitheoirí.

Ghabh an tAire Quinn buíochas leis na forais phátrúnachta bunscoile ar fad agus leis na comhpháirtithe oideachais as a gcomhoibriú go dtí seo leis na suirbhéanna. Dúirt sé go raibh súil aige go leanfadh an caidreamh dearfach ar aghaidh ionas go bhféadfaí an t-éileamh ar éagsúlacht ar fud na tíre a shásamh.

EDUCATION.IE