Léirsiú Náisiúnta taobh amuigh de Dháil Éireann ar 17ú Feabhra
Feabhra 11, 2015
Tá léirsiú náisiúnta eagaithe ag ACP (Cumann na nGairmithe Óige) chun aird a tharraingt ar thábhacht an oideachais agus cúram luath-óige agus an ról riachtanach a imríonn na daoine gairmiúla a oibríonn san earnáil chun tacú leis na páistí agus na teaghlaigh ag bonnchéim na forbartha. Is é bunsprioc an léirsithe ná infheistíocht a éileamh d’earnáil na luathbhlianta. Beidh an léirsiú ar siúl óna 13.00-15.00 Dé Máirt an 17ú Feabhra 2015 os comhair Dáil Éireann. Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo: http://www.acpireland.com/national-rally.html
Beidh oifigigh forbartha Gaelscoileanna Teo. i láthair ag an léirsiú chun tacú leis na naíonraí. Buailfidh muid le chéile in Óstán Buswells ag meán lae agus rachaidh muid uaidh sin chuig an léirsiú, le go mbeidh deis ag na naíonraí dul mar ghrúpa agus páirt a ghlacadh ann.
Tá léarscáil chuig Óstán Buswells le fáil ag an nasc seo http://www.buswells.ie/index.cfm/section/basic/display/16/location.htm