Méid an Téacs

Litríocht na nÓg – Coláiste Mhuire gan Smál, 22-23 Bealtaine

Aibreán 24, 2014

Beidh comhdháil ar litríocht na n-óg ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál don chéad uair ar an 22ú agus 23ú Bealtaine 2014. “Gafa le Leabhair”/”Buzzing with Books” …. Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM); Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach; Coláiste Phádraig, Droim Conrach; Frostburg State University, SAM agus an tionscnamh Claochlú Oideachais trí Chomhphlé i measc comhpháirtithe na comhdhála, agus tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag tabhairt tacaíochta di freisin. Is í an an Dr. Fíodhna Ní Ghairnéir Uí hAoláin stiúrthóir na comhdhála.

Tabharfaidh an chomhdháil grúpaí a bhaineann le cruthú, le scaipeadh agus le ceiliúradh ar litríocht na n-óg in Éirinn le chéile. Tá sí geallta le bheith ina pointe comhtheagmhála i gcomhair plé ar threochta agus ar cheisteanna in oideachas teanga agus litearthachta. Cuirfidh múinteoirí, údair, leabharlannaithe agus gairmithe oideachais suim ar leith inti. Beidh sé mar chuspóir thábhachtach ag an gcomhdháil litríocht na n-óg a chur faoi chaibidil agus cabhrú le múinteoirí grá don léitheoireacht a chothú ina ndaltaí trí idirghabháil fhiúntach le téacsanna. Beidh ceardlanna comhuaineacha agus fóraim againn d’fhonn malartú áiseanna agus smaointe múinteoireachta a éascú.

Cuirfear béim ar mhúineadh agus ar léitheoireacht na Gaeilge ag an gcomhdháil.

Beidh Áine Ní Ghlinn agus Colmán Ó Raghallaigh ag cur i láthair ag ceardlanna comhuaineacha do mhúinteoirí, leabharlannaithe, srl. ar an gcéad lá (22 Bealtaine 2014). Beidh seastán Gaeilge ag COGG ag an gcomhdháil ar an lá seo freisin. Beidh Tadhg Mac Dhonnagáin ag cur i láthair do pháistí ó Ranganna a Ceathair go dtí a Sé ar an dara lá (23 Bealtaine 2014).

Tá a thuilleadh eolais faoin gcomhdháil ar fáil ar http://www.buzzingwithbooks.com/ga/