Méid an Téacs

‘Lúrapóg Larapóg’ – seó ardáin úr do pháistí

Meitheamh 20, 2013

Is é ‘Lúrapóg Larapóg’ an léiriúchán ardáin is nuaí le teacht as Gaeltacht Dhún na nGall.

Seó le páistí do pháistí atá ann, léirithe ag ceathrar idir 7 agus 11 bliain d’aois arbh as Gaoth Dobhair dóibh ó dhúchas.

Baintear úsáid as trí shaothar Gaeilge dírithe ar pháistí: Ící Pící, Ní Thuigimse Daoine Fásta agus Báidín Fheidhlimidh sa seó, le léiriú d’amhráin nuachumtha, amhráin thraidisiúnta, bréag-dhíospóireachtaí agus aithris dánta. Tá féith an ghrinn le haireachtáil sa seó mar aon le agus saibhris teanga, agus spreagtar an tsamhlaíocht ar bhonn cruthaitheach.

Tá Lúrapóg Larapóg feiliúnach do gach aoisghrúpa agus bíonn idirghníomhaíocht láidir idir na haisteoirí agus an lucht féachana sa tslí go gcuirtear gach duine ag canadh, ag damhsa agus fiú ag dreapadh suas ar an stáitse chun a bheith páirteach sa seó.

Cuireann seanchaí Rann na Féirste, Suzanne Ní Ghallachóir, go mór le léiriú na bpáistí sa tslí go bhfuil teannas, craic agus diabhlaíocht snoite go mion ina cuid scéalta.
In éineacht leis an seó beo, cuireann Lúrapóg Larapóg ceardlanna ar siúl do pháistí, bunaithe ar na hamhráin, na scéalta agus na leabhair a úsáidtear sna seónna, chun caidreamh agus spraoi a chruthú mar aon le gníomhaíochtaí ceoil agus damhsa.

Tá samplaí agus tuilleadh eolais ar na leabhair thuasluaite ar fáil ar www.eabhloid.com.

Is d’fhéilte agus d’ócáidí speisialta eile é Lúrapóg Larapóg, agus is féidir an seó a phlé agus socraithe a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le Marina ag 087-2350151.

Foilsithe ar Gaelport.com