Méid an Téacs

M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge

Bealtaine 1, 2013

Sa chlár nuálach seo, M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, díreofar ar oideolaíocht agus teoiric an tumoideachais agus an dátheangachais ag tagairt go sonrach do riachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus d’inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Don chéad uair i bPoblacht na hÉireann, beidh clár ilchodach le sraith modúl atá comhtháite, comhleanúnach agus idirghaolmhar curtha ar fáil le freastal go sonrach ar oideoirí tumoideachais agus ar ghairmithe eile a bhíonn ag obair i réimse an oideachais lán-Ghaeilge.

Aidhmeanna an Chláir

  • Barr feabhais i gcáilíocht an teagaisc agus na foghlama san oideachas lán-Ghaeilge agus san oideachas Gaeltachta a chur chun cinn.
  • Eolas, scileanna gairmiúla agus taighde sa réimse a fhorbairt agus a chraobhscaoileadh.
  • Idirchaidreamh agus líonraí nuálaíochta, imeasctha agus feabhsúcháin sa tumoideachas a chothú, a shaibhriú agus a bhuanú.

Torthaí Foghlama an Chláir

  • Feasacht, eolas agus tuiscint a léiriú ar fhealsúnacht, ar bhunús, ar threoirphrionsabail agus ar oideolaíocht an tumoideachais agus an dátheangachais.
  • Páirt ghníomhach a ghlacadh i gcruthú an eolais le haghaidh na hoideolaíochta agus an chleachtais tumoideachais maraon le ceannaireacht teagaisc a sholáthar ina suíomhanna gairmiúla féin, agus don réimse i gcoitinne.
  • Máistreacht a léiriú ar an bhfeasacht teanga i scríobh agus i labhairt na Gaeilge chomh maith le machnamh criticiúil a dhéanamh ar ról an chultúir agus na h’oidhreachta i bpróiseas an oideachais lán-Ghaeilge.
  • Coincheapa nua agus teoiricí foghlama teanga a úsáid chun cur chuige fónta agus modhanna éifeachtacha teagaisc a chur i bhfeidhm agus ábhair eile á múineadh trí Ghaeilge.
  • Machnamh breithiúnach a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le forbairt na délitearthachta agus ar thaighde ábhartha.
  • Taighde agus fianaise a úsáid ar mhaithe le léargas a dhéanamh ar an gceangal idir cleachtas, taighde agus foghlaim i gcomhthéacs an tumoideachais lán-Ghaeilge.

Struchtúr an Chláir
Cuirfear tús leis an gclár i Meán Fómhair 2013. Cuirfear an clár cumaisc foghlama seo ar fáil ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse dhá bhliain acadúla, agus an chéad chohórt ag baint amach a gcéime i bhfómhar na bliana 2015.

Beidh an fhoghlaim chumaisc mar ghné lárnach den chlár, i. cuid den chlár curtha ar fáil ar líne agus an chuid eile curtha ar fáil ar láthair ag an deireadh seachtaine – 6.30i.n. – 9.30i.n. ar an Aoine agus 9.30r.n. – 12.30i.n. ar an Satharn. Cuirfear soláthar for-rochtana san áireamh ag brath ar riachtanais na mac léinn. Is é a bheidh i gceist le gné foghlama ar an láthair de mhodúil áirithe ná seimineár ar feadh deireadh seachtaine a reáchtálfar sa Ghaeltacht.

Beidh an clár curtha ar fáil ar bhonn uaireanta foghlaim-threoraithe, seimineár ar líne agus ar láthair, taithí phraiticiúil agus scoil samhraidh. Mar thoradh ar an gcur chuige cumaisc agus ar dhearadh an chláir, beidh taighdeoirí tábhachtacha idirnáisiúnta i láthair agus pléifidh siad torthaí agus saincheisteanna nua i réimse an tumoideachais, an oideachais dhátheangaigh agus an dara teanga ar líne leis na mic léinn le linn an chláir.

Modúil Mhúinte an Chláir BLIAIN 1
Seimeastar an Fhómhair (Meán Fómhair – An Nollaig)
Sealbhú agus Foghlaim an Dara Teanga: Teoiric agus Cleachtas
Teagasc na Gaeilge mar Sprioctheanga: Teoiric agus Cleachtas
An Múinteoir mar Thaighdeoir Seimeastar an Earraigh (Eanáir – Aibreán)
Bunús agus Treoirphrionsabail an Oideachais Lán-Ghaeilge
An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha: Teoiric agus Cleachtas
Taighde agus Cleachtas: Tionscadal Taighde Feidhmeach.
Scoil Samhraidh (Iúil)
An Délitearthacht: Leanúntas na Tacaíochta
Seimeastar an Fhómhair (Meán Fómhair – An Nollaig)
Modhanna Taighde
Tráchtas 1

Seimeastar an Earraigh (Eanáir – Aibreán)
Tráchtas 2

Cáilíochtaí
Cláróidh iarratasóirí don M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge. Bronnfar Máistreacht san Oideachas san Oideachas Lán-Ghaeilge ar mhic léinn má éiríonn leo i ngach gné den chlár, i. na modúil mhúinte agus an tráchtas.

Riachtanais Iontrála

  • Múinteoirí cáilithe bunscoile nó iar-bhunscoile a bhfuil bunchéim ábhartha/dioplóma iarchéimesan oideachas acu ag leibhéal 2.2 Onóracha nó níos airde, agus atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta (Leibhéal 8 – An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí)
  • Cleachtóirí Cúram agus Oideachas na Luathóige a bhfuil bunchéim ábhartha in oideachas na luathóige acu ag leibhéal 2.2 onóracha nó níos airde
  • Beidh iarratasóirí nach gcomhlíonann na critéir thuas, curtha san áireamh de réir an Pholasaí ar Aitheantas Réamhfhoghlama atá ag Ollscoil Luimnigh.
  • Tá gá le grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána don chlár seo.

Líon áiteanna atá ar fáil
Glacfar suas le fiche duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2013/2014. Glacfar le h-iarrataisí ón lá inniu suas go dtí 31 Bealtaine 2013.

Sparántachtaí Taighde
Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun fiche sparántacht dár luach €2,000 in aghaidh na bliana gach bliain thar thréimhse dhá bhliain acadúla a bhronnadh ar mhic léinn a chláróidh ar an gclár seo sa bhliain 2013/2014.

Measúnú an Chláir
Cuirfear béim ar mheasúnú leanúnach agus beidh gnéithe éagsúlameasúnachta i bhfeidhmar fud an chláir. Beidh tionscadal taighde feidhmeach le seoladh i seimeastar an earraigh, bliain 1 agus beidh tráchtas ar leibhéal máistreachta le déanamh ar réimse ábhar de rogha an mhic léinn i mbliain 2 an chláir. Beidh gá an tráchtas a aighniú roimh dheireadh mhí Lúnasa 2015. Tá gach modúl sa chlár éigeantach.

Cuirfear béim ar mheasúnú leanúnach agus beidh gnéithe éagsúlameasúnachta i bhfeidhmar fud an chláir. Beidh tionscadal taighde feidhmeach le seoladh i seimeastar an earraigh, bliain 1 agus beidh tráchtas ar leibhéal máistreachta le déanamh ar réimse ábhar de rogha an mhic léinn i mbliain 2 an chláir. Beidh gá an tráchtas a aighniú roimh dheireadh mhí Lúnasa 2015. Tá gach modúl sa chlár éigeantach.

Iarratas
Cuirfear fáilte mhór roimh phlé neamhfhoirmeálta roimh iarratas a chur isteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir nó le lár-oifig iontrála an choláiste ag na sonraí thíos:
T: +353 61 204325
R: tj.oceallaigh@mic.ul.ie

Foisithe ar Gaelport.com