Méid an Téacs

Meánscoil ilchreidmheach nua fógartha do Phort Laoise

Samhain 4, 2016

Tá An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge in Éirinn, roghnaithe mar iontaobhaí ar mheánscoil nua i bPort Laoise i bpáirtnéireacht le Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fháilí. D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton TD an toradh inniu (03.11.16) ar an gcomhiarratas.

Osclóidh an scoil ilchreidmheach agus comhoideachasúil i 2017 agus beidh suas le 1,000 dalta ag freastal uirthi amach anseo. Beidh aonad lán-Ghaeilge mar chuid den scoil úr. Den chéad uair, tá sé beartaithe go bhfásfaidh an tAonad ina Ghaelcholáiste neamhspleách faoi chomhphátrúnacht an dá eagraíocht.

Agus é ag trácht ar an bhfógra inniu, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta: “Is cúis áthais dúinn go bhfuil An Foras ainmnithe mar iontaobhaí ar an meánscoil nua seo i bPort Laoise. Táimid ag súil le dul i mbun oibre le Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise Uíbh Fháilí, eagraíocht a bhfuil clú orthu as sároideachas a chur ar fáil sa cheantar seo.”

“Tá sé thar a bheith tábhachtach don Fhoras go raibh mianta na dtúismitheoirí san áireamh mar chuid den phróiseas iomaíoch seo le pátrún a roghnú. Táimid an-sásta go gcuirfidh an scoil nua i bPort Laoise rogha ar fáil mar gur scoil comhoideachasúil agus ilchreidmheach a bheidh inti.”

“Is í an aidhm atá againn ná oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do gach páiste ar mian leo é a fháil. Cuirfidh an tAonad éagsúlacht ar fáil ó thaobh an éitis teanga agus beimid ag úsáid ár saineolas leis an Aonad a fhás ina Ghaelcholáiste neamhspleách faoi chomhphátrúnacht an dá eagraíocht.”

www.foras.ie