Méid an Téacs

70 Tionscadal Mór Tógála Scoile Á bhFógairt Ag An Aire Jan O’Sullivan Mar Chuid Den Phlean Cúig Bliana €2.2BN

Nollaig 18, 2014

Breis is 27,800 ionad buan scoile agus 3,500 jab lena soláthar leis na tionscadail

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, T.D., na 70 tionscadal scoile atá sceidealaithe chun tógála in 2015.

I gclár infheistíochta caipitil €2.2 billiún a lainseáladh i mí Márta 2012, tugadh sonraí faoi 275 tionscadal mór nua tógála scoile a bhfuiltear chun tús a chur leo thar an tréimhse 2012-2016. In 2013, fógraíodh sonraí faoi 28 tionscadal mór scoile eile a bhí faofa chun dul ar aghaidh go dtí tairiscint agus tógáil.

Cuimsíonn fógra an lae inniu 16 tionscadal scoile eile a chuirfear in áit infreastruchtúir oideachais atá uireasach agus a mbeidh acmhainn bhreise iontu atá ag teastáil go géar chun an dúshlán déimeagrafach a shárú.

Caithfear €450 milliún ar infreastruchtúr bunscoile agus iar-bhunscoile an bhliain seo chugainn, caiteachas réamhaisnéiste de bhreis is €280 milliún de ar thionscadail ar scála mór.

Is iad na 70 tionscadal mór atá sceidealaithe chun dul ar aghaidh go dtí an tógáil in 2015 ná:

44 scoil nua ag an mbunleibhéal
11 síneadh ag an mbunleibhéal
5 scoil nua ag an dara leibhéal
8 síneadh ag an dara leibhéal
2 scoil speisialta nua

Tá breis is 27,800 ionad buan scoile i gceist leis na tionscadail seo agus is ionaid bhreise 23,700 díobh seo. Déanfar cóiríocht atá sealadach nó míshásúil a mhalartú ar an gcuid eile díobh.

Leis na tionscadail scoile atá fós ar siúl ó 2014, beidh iomlán de 196 tionscadal mór scoile ar an láithreán tógála an bhliain seo chugainn.

Ina theannta sin, dheimhnigh an tAire go bhfuil iomlán de 42 tionscadal mór scoile tugtha i gcrích nach mór in 2014.

Ag fógairt sonraí de chlár tógála 2015 di dúirt an tAire O’Sullivan, “Is breá liom inniu na tionscadail mhóra scoile a thógfar an bhliain seo chugainn a dheimhniú.”

“Chomh maith leis na 27,800 ionad buan scoile atá á gcur ar fáil, beidh an infheistíocht shonrach seo ina taca do tuairim is 3,000 jab díreach agus breis is 500 jab indíreach in 2015.”

Adúirt an tAire O’Sullivan freisin, “Tá scoileanna nua agus síntí móra ag teastáil go géar uainn d’fhonn freastal ar riachtanais chóiríochta na ndaltaí scoile againn a bhfuil a líon ag dul i méid.

“Tá méaduithe sonracha le teacht ar líon na ndaltaí scoile sna blianta romhainn amach. Táthar ag súil le fás de bheagnach 70,000 dalta ar an rollachán iomlán daltaí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna araon idir seo agus 2017 – breis is 44,000 ag an mbunleibhéal agus 25,000 ag an iar-bhunleibhéal – agus beidh fás ag teacht air i gcónaí suas go dtí 2026 ar a laghad ag an dara leibhéal.”

“Is é is aidhm phríomha agam ná a chinntiú go mbíonn dóthain ionad cóiríochta scoile ann sa chóras oideachais chun a chinntiú go mbíonn rochtain ag gach páiste ar ionad fisiciúil scoile,” adúirt an tAire O’Sullivan mar fhocal scoir.

Tá fógra an lae inniu mar chuid de phlean an Rialtais breis is 100,000 ionad buan scoile a chur ar fáil i gcaitheamh an phlean cúig bliana.

De réir mar a bheidh an bhliain 2015 ag dul thart, measúnófar tionscadail a bhí sceidealaithe lena gcur chun tógála sna blianta amach romhainn féachaint an bhfuil siad réidh lena gcur chun tógála níos luaithe ná mar a bhí beartaithe, agus an bhfuil an acmhainn airgeadais ann chun déanamh amhlaidh.

Leanfar de na sonraí maidir leis na tionscadail mhóra go léir atá liostaithe sa Phlean Cúig Bliana a choinneáil agus a nuashonrú ar shuíomh gréasáin na Roinne, www.education.ie