Méid an Téacs

Moladh déanta ag Bord Fhoras na Gaeilge maidir le ceapadh Príomhfheidhmeannaigh

Samhain 4, 2016

Ag cruinniú Boird Fhoras na Gaeilge ar an 4 Samhain 2016 pléadh ceapachán Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. Agus an próiseas earcaíochta anois curtha i gcrích tá Leas-Phríomhfheidhmeannach / Stiúrthoir Seirbhísí Oideachais reatha Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, á mholadh ag Bord Fhoras na Gaeilge le teacht i gcomharbacht ar Fherdie Mac an Fhailigh mar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Ag labhairt dó inniu dúirt Seán Ó Coinn “Tá bród as cuimse orm as an mhuinín atá léirithe ag Bord Fhoras na Gaeilge ionam inniu. Is pribhléid mhór é a bheith ag teacht sna sála ar an bheirt Phríomhfheidhmeannach a tháinig romham, Ferdie Mac an Fhailigh agus Seosamh Mac Donncha”

Is as an Mullach Bán i gContae Ard Mhacha Seán Ó Coinn, áit a bhfuil sé ina chónaí anois lena bhean Áine. Tá céim onóracha sa Léann Ceilteach aige ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus dioplóma sa Bhainistíocht ó Ollscoil Uladh.

Tá tréimhsí caite ag Seán mar láithreoir ar BBC Raidió Uladh, ag teagasc Gaeilge ag an dara leibhéal, mar thaighdeoir in Ollscoil na Banríona Béal Feirste ar Scéim Logainmneacha Thuaisceart Éireann, ina bhainisteoir tionscadail ar an tionscadal forbartha cultúrtha Tí Chulainn ar an Mullach Bán, agus ina aistritheoir scrúduithe le Comhairle Curaclaim Scrúduithe agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann. Chaith sé tréimhse 10 mbliana mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, an foras forbartha gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Naíscoil agus Bhunscoil Ard Mhacha. Ceapadh é ina Leas-Phríomhfheidhmeannach / Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais i bhForas na Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2011.

Tá moladh an bhoird curtha faoi bhráid na Comh-Aireachta Thuaidh Theas.