Méid an Téacs

Moladh don Ghaeilge an moladh ba thábhachtaí i dtionscadal Óige an Uachtaráin

Samhain 28, 2012

Thug Uachtarán na tíre, Mícheál D. Ó hUigínn, cuireadh chuig 100 duine óg ó chúlraí éagsúla freastal ar sheimineár dátheangach dar teideal ‘An Óige agus an tÉireannachas’ in Áras an Uachtaráin Dé Sathairn seo caite.
Labhair Gaelport.com le Paula Melvin a bhí mar bhean an tí ar an ócáid faoina ról féin sa ghluaiseacht óige seo agus faoi na gnéithe éagsúla a thit amach ar an lá.
Conas a chur tú spéis sa togra ‘An Óige agus an tÉireananachas’
D’eagraigh an tUachtarán ceithre réamhcheardlann réigiúnach, ceann i mBaile Átha Cliath, ceann i gCorcaigh, ceann i Muineachán agus ceann i nGaillimh.

Mar a tharlaíonn sé bhí mé gafa le Conradh na Gaeilge nuair a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath mar sin d’fhreastail mé ar an gceardlann i gCorcaigh.

Bhí 100 duine óg i láthair ag na réamhcheardlanna éagsúla idir 17-26 bliana d’aois agus iarradh ar 100 as an líon iomlán a bhí i láthair bheith i láthair ag an Áras.

Ansin fuair mé glaoch ón Áras ag fiosrú an mbeinn mar bhean an tí ar an ócáid agus bhí mé thar a bheith sásta leis sin.

Ní hé amháin gur rud iontach fiúntach a bhí ann, bhailigh sé daoine óga ó cheann ceann na tíre le chéile agus onóir a bhí ann dom fiú a bheith i láthair aige gan smaoineamh ar bheith mar bhean an tí, ach go háirithe nuair a bhíomar á dhéanamh go dátheangach.

Togra an Uachtaráin ab ea é agus ba léir go raibh sé ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhí mé féin agus fear eile mar láithreoirí ar an ócáid, mise a bhí ag láithriú i nGaeilge agus ansin rinne an fear eile ateangaireacht ar an méid a dúirt mé mar sin bhí an Ghaeilge go mór mór chun tosaigh.

Anuas air seo ghlac níos mó ná 800 duine óg páirt sa tionscnamh. Chuireamar ar fad moltaí chun cinn maidir leis an bhfís atá againn don tír agus céard iad na rudaí is tábhachtaí dúinne a bhaint amach.
An raibh na moltaí leagtha amach cheana féin?
Bhí agus ní raibh. Bhailigh roinnt léachtóirí DIT na moltaí agus na haighneachtaí go léir a tháinig isteach ó na réamhcheardlanna agus tuairimí na ndaoine nach raibh i láthair le cur faoi bhráid an Uachtaráin mar sin cuireadh dréacht de na moltaí ar fad ar fáil dúinne ar an lá.

Ar an lá féin, tháinig neart moltaí eile chun cinn maidir le hoideachas, comhionannas, fostaíocht, fiontraíocht, cearta sibhialta agus ansin chaith an 100 duine óg sa seomra vóta ar son na rudaí ba thábhachtaí dóibh féin.

Rud a chuir an-iontas agus gliondar croí ormsa ná gur bhain moladh maidir leis an nGaeilge an chéad áit amach – an moladh ba thábhachtaí a bhí ann. Is é sin ná gur chóir go mbeadh dhá ábhar Gaeilge éagsúla ar fáil don Ardteist a bheadh ina oiriúnt do scoileanna Béarla agus do Ghaelscoileanna.

Ní amháin gur bhain an Ghaeilge an chéad áit amach, bhain moladh eile leis an nGaeilge an tríú háit amach agus is é sin go mbeadh níos mó deiseanna labhartha Gaeilge ag daoine óga. Dochreidte! Táim iontach sásta gur bhain an chéad cheann agus an tríú ceann le an nGaeilge as an líon ard moltaí ar déanadh ar an lá.
An raibh an dearcadh i leith na Gaeilge dearfach i measc na ndaoine óga?
Is cinnte go raibh. Labhair mé go láidir ar son na Gaeilge ag an gceardlann i gCorcaigh agus níor labhair duine ar bith i mo choinne ach cloisim go raibh rud nó dhó diúltach in áiteanna eile – rudaí beaga bhí ansin. Bhí an Ghaeilge an-tábhachtach agus gar do chroíthe na ndaoine óga a bhí ansin agus ba léir gur chaith daoine vóta i leith na Gaeilge fiú nuair nach raibh Gaeilge acu féin.

Rinne an tÁras neart poiblíochta faoi ar na stáisiúin raidió agus sna páipéir nuachta réigiúnacha agus náisiúnta agus rinneadh iarracht ollmhór meascán daoine ó gach aicme, mic léinn ar an tríú leibhéal agus daoine óga atá ag obair a roghnú le bheith páirteach ar an lá. Measaim féin go raibh ionadaíocht fíor-chothrom ann don óige sa tír seo agus is cinnte gur dea-scéal é sin don Ghaeilge.
Céard iad na céimeanna a bheidh á nglacadh ag an Rialtas chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm?
Bhuel, táim féin iontach buíoch don Uachtarán as an deis seo a thabhairt domsa agus do na daoine óga eile a bheith i láthair lenár gcuid tuairimí a nochtadh agus iad a chur ar stáitse chomh hard leis seo.

Cuirfear ár bhfís don tír seo faoi bhráid na Ranna Stáit ar fad agus os comhair neart comhairleoirí polaitíochta agus súil againn go nglacfaidh na comhairleoirí seo na céimeanna cearta chun ár bhfís a bhaint amach.

Táimid ag coimeád súil ghéar orthu agus táimid ag lorg freagra an Rialtais ar an togra. Ní hé seo críoch an scéil, táimid tar éis grúpa a chur le chéile ag leanúint ar aghaidh ón lá san Áras agus is cinnte go dtiocfaidh rudaí fiúntacha as sin. Chruthaigh sé pobal úr de dhaoine óga ar mhian leo polaitíocht na tíre a mhúnlú amach anseo.

Foilisthe ar Gaelport