Méid an Téacs

Múnla Nua Maoinithe: Ceanneagraíochtaí le fógairt ar 17 Eanáir 2014

Eanáir 10, 2014

Tá céim a trí den phróiseas roghnúcháin don Mhúnla Nua Maoinithe do na heagrais Ghaeilge atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge críochnaithe anois, agus beidh toradh an phróisis le fógairt ar Dé hAoine, 17 Eanáir 2014.

19 n-eagraíocht atá á mbunmhaoiniú faoin struchtúr reatha, ach faoin struchtúr úr a thiocfaidh i bhfeidhm ó mhí Iúil 2014, ní chuirfear maoiniú ar fáil ach do 6 cheanneagraíocht.  Tá súil faoin múnla nua go mbeidh seirbhísí níos fearr á gcur ar fáil ar bhonn áitiúil agus go mbeidh caiteachas ar na seirbhísí sin níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla dá bharr.

Trí chéim a bhain leis an bpróiseas roghnúchán, faoi chéim a haon, b’éigean d’eagraíochtaí a spéis a léiriú agus foirm chuimsitheach a líonadh a bhain le hobair agus le comhdhéanamh na heagraíochta.  Faoi chéim a dó, bhí aighneacht shubstainteach le hullmhú ag na heagrais sin ar glacadh lena léirithe suime agus bhí seo le cur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge roimh an 6 Nollaig 2013.

Níor éirigh le gach eagraíocht dul chomh fada leis an mbabhta deiridh.  Sa bhabhta seo, cuireadh agallamh struchtúrtha ar Cheannasaí agus Cathaoirleach na n-eagraíochtaí.  Tionóladh na hagallaimh seo i mBaile Átha Cliath ar Dé Máirt agus Dé Céadaoin na seachtaine seo, agus beidh toradh an phróisis iomláin á fhógairt ar Dé hAoine na seachtaine seo chugainn.

Do na heagrais nach n-éiríonn leo stádas mar cheanneagraíocht a bhaint amach, tiocfaidh deireadh lena mbunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge ar an 30 Meitheamh 2014.

I gcás mórchuid na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe tá siad geall le bheith spleách ar Fhoras na Gaeilge mar fhoinse maoinithe, agus ba ionann deireadh le maoiniú an Fhorais agus tua an bháis dóibh.

Gaelport.com