Méid an Téacs

Nuachtán nua Gaeilge do scoláirí

Deireadh Fómhair 1, 2013

An tseachtain seo caite, cuireadh tús le nuachtán nua Gaeilge, ‘Seachtain’, san Irish Independent a thagann mar chomharba ar an nuachtán ‘Foinse’.
Beidh Dáithí Ó Sé agus Micheál Ó Muircheartaigh ag soláthar ábhair go rialta don nuachtán seachtainiúil seo, agus bhí ailt leis na hiriseoirí Tomaí Ó Conghaile agus Ciarán Dunbar le feiceáil sa chéad eagrán. Chomh maith leis an nuachtán 8 leathanach a bheidh ar fáil saor in aisce leis an Irish Independent, beidh nuachtán eile, ‘Ar Fheabhas’, á chur ar fáil ag Independent Media do scoileanna ar fud na tíre.

Cuireadh iontas ar an bpobal roinnt seachtainí ó shin, nuair nár fhill ‘Foinse’ mar fhorlíonadh san Irish Independent ag tús na scoilbhliana nua. Bunaíodh ‘Foinse’ i 1996, agus cuireadh nuachtáin náisiúnta Gaeilge ar fáil go seachtainiúil go dtí samhradh 2009 le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Nuair a theip ar an maoiniú seo, rinneadh athsheoladh ar ‘Foinse’ i bhfómhar na bliana 2009, le leagan amach úr agus modh seachadta nua agus é ar fáil mar fhorlíonadh san Irish Independent.

Ag tús na bliana seo, d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh cinneadh glactha acu chun deireadh a chur le conradh an nuachtáin seachtainiúil ‘Gaelscéal’ roimh dheireadh oifigiúil thréimhse an chonartha. Is í an chúis a thug Foras na Gaeilge leis an ngearradh seo ag an am ná nach raibh ag éirí leis nuachtán ó thaobh díolacháin de. Tugadh figiúr de 1,300/1,400 cóip in aghaidh na seachtaine mar líon iomlán an díolacháin sna siopaí.

I ráiteas a d’eisigh Foras na Gaeilge i mí Feabhra na bliana seo, cuireadh in iúl go “léiríonn cinneadh bhord Fhoras na Gaeilge, agus na cúiseanna a bhain leis, nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”. Cé go bhfuil Foras na Gaeilge i mbun taighde ar an ábhar seo ó earrach na bliana seo, agus gur reáchtáladh fócasghrúpaí agus cruinnithe poiblí maidir le seirbhísí nuachta Gaeilge timpeall na tíre, is cosúil nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta go fóill maidir leis an scéim úr chun foilseachán nua a chur ar fáil in áit ‘Gaelscéal’.

D’iarr Gaelport.com ráiteas ó Fhoras na Gaeilge ar an gceist seo agus cuireadh in iúl go bhfuil “ceist na seirbhísí nuachta Gaeilge le hathphlé ag Bord Fhoras na Gaeilge ag an gcéad chruinniú eile a bheidh ar siúl ar an 1 Samhain 2013”.

Bíodh is go bhfuil nuachtán nua Gaeilge seolta anois ag Independent Media le haghaidh scoláirí na tíre, níl nuachtán Gaeilge ar fáil chun spéis Ghaeilgeoirí sa scríbhneoireacht Ghaeilge a chothú. Ní fios cé chomh fada is a bheidh sé go dtí go mbeidh foilseachán rialta clóite ar fáil trí mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge do léitheoirí na Gaeilge. Beidh súil ag pobal na Gaeilge go dtuigeann lucht déanta na gcinntí go bhfaigheann na ba bás, fhad is a bhíonn an féar ag fás.

Foilsithe ar Gaelport.com