Plean Deich Seachtaine do Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta
Eanáir 10, 2012
Beidh ceardlanna á chur ar fáil faoi stiúir an chomhairleora oideachais Elaine Ní Neachtain an tseachtain seo chugainn i Maigh Eo agus i mBaile Átha Cliath, ag díriú isteach ar bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta. Is ar mhúinteoirí Gaeilge a bheidh na ceardlanna ag freastal.
Díreofar sna ceardlanna ar Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta 2012. Cuirfear oiliúint ar na múinteoirí i dtaobh an áis teagaisc Cuireadh Chun Cainte, agus leagfar amach plean deich seachtaine dóibh den bhealach is fearr ar féidir a gcuid daltaí a ullmhú idir seo agus aimsir na mbéalscrúduithe.
Reáchtálfar an chéad cheardlann ar Dé Luain, 16 Eanáir 2012, ó 6pm-7.30pm, san Ionad Oideachais i gCaisleán an Bharraigh, agus reáchtálfar ceardlann den chineál céanna i mBaile Átha Cliath ar Dé Máirt, 17 Eanáir 2012, in Áras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2 ó 5pm-6.30pm.
Beidh na ceardlanna á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge i gcomhar le Togra Mhaigh Eo Chonradh na Gaeilge. Is féidir clárú don cheardlann phraiticiúil seo trí ghlaoch a chur ar 01 639 8448.