Pobal na Gaeilge ag Comórtas Treabhdóireachta
Iúil 10, 2013
24 Meán Fómhair 2013 – 26 Meán Fómhair 2013
Déanfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo a oscailt go hoifigiúil ag a meán lae ar an Máirt 24 Meán Fómhair 2013. Mar is gnátha mairfidh an comórtas trí lá arís i mbliana le na céadta imeachtaí beartaithe go dtí an Déardaoin, 26 Meán Fómhair 2013.
Beidh comórtas na bliana seo á reáchtáil i Ráithín an Uisce, An Sráidbhaile i gCo. Laoise agus is cinnte go bhfuil an-athrú agus fás suntasach tagtha ar an gcomórtas seo ó reáchtáladh sa cheantar sin é in 1943.
Tá páirt lárnach agus an-tábhachtach ag an ócáid seo ag cur chun cinn agus ag tabhairt ardán d’fheirmeoirí na tíre seo ó 1931. Bíonn an-tóir ag gach aois ghrúpa idir óg agus aosta ó ghrúpaí scoile agus grúpaí pobail ar an gcomórtas seo gach bliain agus don chéad uair riamh beidh puball ollmhór Gaelach i láthair agus beidh áit faoi leith ag teanga dúchais na tíre i lár an aonaigh i measc an phobal ag an ócáid aitheanta seo.
I láthair le seastán sa Phuball Gaelach seo beidh Údarás na Gaeltachta, Glór na nGael, Coláiste UISCE, TG4, Gael Linn Ógras, Oideas Gael, An Spáilpín Fanach, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS), Oireachtas na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Beidh ionadaithe ag na seastáin ag tabhair amach neart eolais agus comhairle a bhaineann leis an nGaeilge. Mar aon leis seo beidh deis ag an bpobal neart earraí Éireannacha ar nós áiseanna Gaeilge, t-léinte agus húdaí Gaelacha, cluichí, póstaer, leabhair agus An Fáinne a chéannacht. Anuas ar seo beidh an pobal ábalta eolas a sholáthair ar imeachtaí Gaelacha atá a g titim amach ar fud na tíre, Spóirt trí Ghaeilge, Cúrsaí Gaeilge, cúrsaí teicneolaíocht nua aimsire trí Ghaeilge, Cúrsaí Samhraidh, na Meáin Ghaeilge mar aon le neart comhairle ghinearálta.
Anuas ar réimse breá leathan d’imeachtaí a bheith ar siúl ag comórtas na bliana seo idir seimineáir, seisiúin eolas ar ábhar éagsúla a bhaineanna le feirmeoireachta, ainmhithe agus saol na tuaithe, oideachas, gnó, ceardaíocht, cúrsaí sláinte, spóirt, cócaireacht agus ceardlainne éagsúla beidh blaiseadh iontach den teanga agus réachtáilfar imeachtaí idir siamsaíocht den scoth, ceol, damhsa, seoladh dlúthdhiosca, seoladh seirbhísí digiteacha úr Ghaeilge mar aon le comórtais, neart spraoi agus neart eile sa phuball.
Beidh míle fáilte roimh an bpobal bualadh isteach chuig “Pobal na Gaeilge' ón 24-26 Meán Fómhair 2013 is cuma más cainteoir líofa thú nó múna bhfuil agat ach Cúpla focal.
Foilsithe ar Gaelport.com