Méid an Téacs

Próisis iontrála Ghaelscoileanna pléite i dTeach Laighean

Nollaig 16, 2013

Eisceacht chás na gaelscolaíochta i gcomhthéacs phróisis iontrála scoileanna aitheanta ag Comhchoiste Oireachtais.

Reáchtáladh cruinniú den Chomhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach an tseachtain seo maidir leis an Dréacht-Scéim Ghinearálta Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil).

I láthair thar ceann earnáil na gaelscolaíochta bhí Gaelscoileanna Teo., An Foras Pátrúnachta, Cearta Oideachais agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar aon le Pavee Point Traveller and Roma Centre, Atheist Ireland, Presentation College Cork, agus Inclusion Ireland a bhí ann thar ceann Down Syndrome Ireland, Irish Autism Action agus The Special Needs Parents Association.

Le linn an phlé, labhair gach grúpa amach ar mholtaí a n-eagraíochta i leith bheartais an Dréacht-Bhille agus ba é príomh mholadh na ngrúpaí Gaeilge go gcosnófaí éiteas teanga na nGaelscoileanna faoi bheartas ar bith agus go dtabharfaí túsáite do pháistí ó theaghlaigh Gaeilge i gcónaí. Mar a sheasann sé i láthair na huaire, ní chuireann an Dréacht-Bhille bac ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge, nó bac ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do ghaelscoileanna mar scoileanna friothálacha.

Léirigh na heagraíochtaí uile imní maidir leis an easpa aitheantais a thugtar sa dréacht-Bhille don luath-thumadh sa Ghaeilge agus an bac a gcuirfeadh an dréacht-Bhille ar bhunscoileanna lánGhaeilge tosaíocht a thabhairt don fhreastal ar réamhscoil nó naíonra Gaeilge, rud a leagann bunscoileanna an-bhéim air sa phróiseas iontrála. Moladh go gcaomhnófaí nósmhaireacht na Gaeilge sna scoileanna lán-Ghaeilge trí thús áite a thabhairt do pháistí ón sruth oideachais lán-Ghaeilge lena n-áirítear an córas réamhscolaíochta Gaeilge agus na naíonraí.

Cuireadh in iúl don Chomhchoiste um Oideachas go mbíonn ar 22% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge agus 29% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge daltaí a dhiúltú de bharr ró-éilimh. I gcás ró-éilimh, is cleachtas é i roinnt scoileanna lán-Ghaeilge tuismitheoirí nó páistí a chuir faoi agallamh le chun cumas agus nósmhaireacht teanga clainne a thomhais.

Tugadh le fios go dtarlaíonn a leithéid de chleachtas i gcásanna eisceachtúla amháin agus is comhrá neamhfhoirmiúil nó am súgartha a bhíonn i gceist le hagallamh. Faoin dréacht-Bhille mar a sheasann sé, cuirfear bac iomlán ar scoileanna agallaimh a chur ar thuismitheoirí agus páistí roimh an rollú, ach amháin i gcás na scoileanna cónaithe.

Leag na heagraíochtaí Gaeilge an-bhéim ar thábhacht chóras na n-agallamh óir, go dtí go bhfuil spás leordhóthanach cruthaithe sa chóras do gach páiste is é an t-aon bhealach go bhféadfaí bheith cinnte go bhfuil túsáite á tabhairt do theaghlaigh Gaeilge, 3% de dhaonra na nGaelscoileanna. Moladh go dtabharfaí eisceacht na scoileanna lán-Ghaeilge san áireamh, mar a rinneadh leis na scoileanna cónaithe, agus go gcuirfí aon chóras faoi chúram na mBord mBainistíocht.

Foilsithe ar Gaelport.com