Méid an Téacs

Ráiteas i leith Phrotastúnaigh agus na Gaeilge cáinte go géar ó thuaidh

Feabhra 4, 2014

Ag caint ag slógadh i dtaca le bealaí na bparáidí a reáchtáladh i dTuaisceart Bhéal Feirste ag an deireadh seachtaine thug ball sinsearach “rabhadh” do Phrotastúnaigh ag foghlaim na Gaeilge gur chuid den “chlár poblachtánach” atá ann.

Mháigh George Chittick, atá mar Ardmhaistir an Oird i mBéal Feirste, go bhfuil i gceist ag pobal na Gaeilge go mbeadh an stádas dlíthiúil céanna ag an nGaeilge is atá ag an mBéarla agus feictear dó go mbeidh ar dhaoine an dá theanga a bheith ar a dtoil acu le post a fháil amach anseo.

Dar le Chittick, tá an teanga polaitithe ag an ngluaiseacht phoblachtánach agus in áit mhaoiniú a iarraidh do thograí Gaeilge, ba chóir do Phrotastúnaigh díriú ar mhaoiniú a fháil do thionscadail a chothódh fostaíocht sa phobal.

Tá ráiteas Chittick cáinte ag grúpaí idir pholaiteoirí agus ghníomhaí, go háirithe Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste.

Dúirt Ervine go bhfuil diúltú déanta ag neart daoine ar thuairimí Chittick in Oirthear Bhéal Feirste, áit a bhfuil os cionn 120 duine ag glacadh páirt sa tionscadal Turas, a spreagann feasacht teanga i measc mhuintir Phrotastúnach an tuaiscirt trí ranganna Gaeilge a reáchtáil ar an talamh.

Thug Ervine cuireadh do Chittick cuairt a thabhairt ar an ionad ar Bhóthar Nua na hArda áit a bhfeicfidh sé baill de gach cineál grúpa agus gach cúlra ag foghlaim na Gaeilge.

Ag tagairt don ráiteas a rinne Chittick ag an deireadh seachtaine, chuir an tOrd Oráisteach in iúl nach bhfuil seasamh oifigiúil glactha ag an Ord i leith na Gaeilge agus, cé go dtuigtear go maith go bhfuil naisc stairiúla idir an pobal Protastúnaigh agus an Ghaeilge, dúradh gur cheist í an Ghaeilge don duine aonair.

Chinn tuairisc de chuid Choiste na Saineolaithe ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh le déanaí go maireann dearcadh naimhdeach i leith na Gaeilge i Stormont agus cáineadh Rialtas na Breataine agus Tionól Thuaisceart Éireann as “cosc” a chur ar an nGaeilge ó thuaidh.

Mhol Coiste na Saineolaithe gur ghá reachtaíocht a chur i bhfeidhm ar mhaithe chosaint na Gaeilge agus cuireadh comhairle láidir ar an dá údarás bunús reachtaíochta a chur in áit i dtaca le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge.

Foilsithe ar Gaelport.com