Ranganna Gaeilge ar fud na tíre le Conradh na Gaeilge
Eanáir 10, 2013
Tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge ar fud na tíre ag tosú i mí Eanáir 2013. Tá an eagraíocht Ghaeilge ag ceilúradh 120 bliain ar an bhfód agus tá Bliain na Gaeilge á reáchtáil mar comóradh ar an nGaeilge don bhlain 2013.
Tá ranganna ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Cill Dara, Luimneach, An Clár agus i Learpholl, Sasana, agus iad ag tosú idir 22 agus 24 Eanáir 2013.
Tá rang ann a fheileann dó gach leibhéal cumais:
Tosaitheoirí
Bunrang
Meánrang
Ardrang
Rang Cruinnis
Ciorcal Comhrá
Chomh maith le ranganna Gaeilge, tá ranganna Damhsa ar an sean-nós á reáchtáil i nGaillimh do thosaitheoirí agus d’fheabhsóirí.
Is féidir teacht ar shonraí na ranganna uilig anseo nó is féidir glaoch ar +353 (0) 1 475 7401 le haghaidh tuilleadh eolais.
Foilsithe ar Gaelport.com