Méid an Téacs

Ranganna Gaeilge i gCathair na Gaillimhe

Lúnasa 28, 2012

Tá Conradh na Gaeilge i nGaillimh ag reáchtáil cúrsa Gaeilge d’Thosaitheóirí, Bunléibheál agus Meánleibhéal Gaeilge i Mí Méan Fomhair. Tá ard-thaithí ag múinteoirí Chonradh na Gaeilge a bheith ag múineadh agus iad ag tabhairt chúnaimh d’fhoghlaimeoirí le blianta fada.  Bíonn líon na ndaoine i ngach rang beag i gcónaí le béim mhór ar rannpháirtíocht na ndaltaí agus ar riachtanais an mhicléinn. Beidh iontas ort nuair a fheicfidh tú do chuid muiníne ag forbairt; an tuiscint agus an labhairt ag feabhsú i ranganna néamhfhoirmiúla leis an mbéim ar an nGaeilge labhartha agus ar na focail choitianta a úsáidtear sa ghnáthchaint. Beidh na ranganna go léir ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair go leith le deich rang, tráthnóna amháin in aghaidh na seachtaine. Má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait bí i dteagmháil le Conradh na Gaeilge ag 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie. Tuilleadh eolas le le fáil ar www.arasnangael.ie.