Méid an Téacs

Rith Maratón Bhaile Átha Cliath 2013 le Forbairt Naíonraí Teo.

Lúnasa 15, 2013

Rith do thodhchaí na Gaeilge agus don chéad ghlúin eile Gaeilgeoirí!

An bhfuil dúshlán uait? Suim agat an maratón a rith i mbliana?

An bhfuil carthanacht roghnaithe agat? An féidir leat €50 a thiomsú?

Tá rannpháirtithe á lorg ag an eagras neamhbhrabúis Gaeilge Forbairt Naíonraí Teoranta chun an maratón a rith ar a son i mbliana.

Rachaidh an t-airgead a bhailítear chun leasa naíonraí na tíre chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí réamhscoile Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil don chéad ghlúin eile.

Cuirfidh FNT plean traenála, t-léine don rás féin agus teastas i ndiaidh an rása ar fáil dóibh siúd atá sásta rith ar a son.

Beidh deis ag reathaithe bheith páirteach i ngrúpa reatha lánGhaeilge freisin agus iad i mbun traenála.

Má cheapann tú go bhfuil sé ar do chumas tabhairt faoin dúshlán seo téigh i dteagmháil le Caoimhín ag caoimhin@naionrai.ie nó le Seán ag sean@naionrai.ie .

Eagraithe i gcomhpháirtíocht le Rith 2014.