Salomé arna Léiriú ag Splódar
Deireadh Fómhair 15, 2012
Beidh an dráma nua-chumtha Salomé ag cur tús le camchuairt tíre in Ionad na nGleannta, Manorhamilton, Co Liatroma ar 18 Deire Fómhair. Tá an saothar véarsaíochta seo bunaithe ar scríbhinní le Cathal Ó Searcaigh agus is é an stiúrthóir Proin Ó Duigneáin a rinne an t-athchóiriú agus a chuir in oiriúint don stáitse. Is é Splódar, compántas cónaithe Ionad na nGleannta, atá á léiriú. Saothar dúshlánach é seo a éilíonn an-chumas aisteoireachta agus tá sé d’ádh ar an stiúrthóir go bhfuil aisteoirí den chéad scoth aige don léiriú seo. I bpáirt Shalómé tá Elise Ní Bhraonáin agus is é Aindrias de Staic atá i bpáirt Eoin Bhaiste . Céimí de Choláiste na h-Ollscoile, BÁC í Elise áit a ndearna sí Drámaíocht agus Béarla dá céim . Tá clú agus cáil ar Aindrias mar aisteoir, mar cheoltóir agus mar fhear scéalaíochta. Tá role Herod ag John Keane (Ros na Rún) agus Máire Ní Mhuiris atá i bpáirt Herodias. Arna haisteoirí eile tá Finbar Ryan, Patrick McEneaney agus Aodh MacGairbhí a bhfuil cáil air mar aisteoir telefíse don BBC agus TG4 (Rásaí na Gaillimhe).
Tá cuid de radharcanna an tsaothair seo i bhfoirm scannáin agus tá ceol nua-chumtha don léiriú ag Ailie Blunnie. Is é cór Choláiste na Tríonóide faoi stiúir Róisín Blunnie a chanann an ceol téama. Colm Farrell atá i mbun scannánaíochta agus is é Proinn Ó Duigneáin an léiritheoir. Beidh Salomé ar chamchuairt tíre ó 18 Deire Fómhair go 3 Samhain. Is iad na huimhreacha teagmhála ná 0872109060/0862686995. Tuilleadh eolais ar www.splodar.com. Tá Salomé urraithe ag Foras na Gaeilge.