Sceideal na gclár Gaeilge ar fáil anois
Feabhra 13, 2013
Tugtar léargas ar líon agus éagsúlacht na gclár Gaeilge atá le cloisteáil ar 54 stáisiún raidió fud fad na tíre sa sceideal nua atá foilsithe ag an tseirbhís eolais ‘Cogar’.
Tá an sceideal iomlán roinnte i gceithre chuid; luaitear sceidil RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus Raidió Rí-Rá chomh maith le sceideal náisiúnta ina bhfuil cláir ó stáisiúin raidió pobail agus stáisiún tráchtála ar fud na tíre luaite ann.
Seoladh an sceideal ag ceardlann raidió a reáchtáladh in oifigí Údarás Craolacháin na hÉireann ar 30 Eanáir.
I láthair ag an ócáid bhí Traic Ó Braonáin (Raidió Rí-Rá); Cian Mac Cárthaigh (Raidió na Life); Cearbhall Ó Síocháin ( RTÉ Raidió na Gaeltachta); Barbara Nic Dhonnacha ( iRadio) agus Máire Máiréad Ní Loideáin ( Shannonside/Northern Sound FM).
Ba í an tseirbhís nuachta dhigiteach do chraoltóirí le Gaeilge Cogar a chuir an sceideal náisiúnta le chéile. Tá Cogar maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an tseirbhís ar fáil.
Beidh an sceideal ina áis don éisteoir nó don fhoghlaimeoir atá ag iarraidh cluas a thabhairt do chlár Gaeilge. A bhuíochas le forbairtí sna meáin dhigiteacha, tá lucht éisteachta níos forleithne á aimsiú ag craoltóirí agus tá ag éirí leo díriú isteach ar lucht éisteachta úr.
Le forbairt na craoltóireachta raidió ar líne, fóin chliste agus aipeanna, níl teorainn thíreolaíoch ar bith leis an stáisiún raidió inniu. Má tá cónaí ort i Loch Garman, mar shampla, d’fhéadfá éisteacht le cláir Ghaeilge ó stáisiún raidió atá lonnaithe i nGaillimh, i gCiarraí nó áit ar bith timpeall na tíre ar do fhón cliste nó ar do ríomhaire glúine.
Mar an gcéanna leis sin, tá fáil ag eisimircigh agus ag Gaeilgeoirí thar lear ar chláir Ghaeilge ar ghléasanna cliste, ar aipeanna agus ar stáisiúin idirlín in ainneoin go bhfuil cónaí orthu thar sáile.
Tá an sceideal náisiúnta ar fáil le híoslódáil ar Cogar.ie anseo: http://www.cogar.ie/sceideal2013.
Gaelport.com