Méid an Téacs

Scéim gearrscannáin Scéal 2 á fhógairt

Iúil 11, 2012

Ag leanacht leis na scéimeanna Síol, Údar agus Scéal, is cúis áthais dúinn an dara bhliain den scéim gearrscannáin, Scéal 2, a fhógairt. Scéim fhorbartha í Scéal 2 a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta. Is féidir an bun scéal a roghnú as gearrscéal, dán, scéal béaloidis nó aon saothar a léiríonn scéalaíocht na Gaeilge.

Tá an scéim seo ag TG4 oscailte do scríbhneoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre, bíodh taithí scáileáin acu nó ná bíodh, agus do stiúrthóirí ar mian leo taithí a fháil ar dhrámaíocht teilifíse i nGaeilge. Réamhriachtanas a bheidh i gceist do gach rannpháirtí go mbeidís líofa sa Ghaeilge agus in ann páirt a ghlacadh trí Ghaeilge i ngach leibhéal agus céim den scéim.

Tá an chéad sraith de Scéal anois taifeadta agus táthar i mbun iarléiriú air. Beidh sé le feiceáil ar TG4 go luath in 2013.

Is é an 24 Lúnasa 2012 an spriocdháta le haghaidh iarratas. As na hiarratais ar fad roghnófar gearrliosta scríbhneoirí le freastal ar cheardlanna ceirde, faoi stiúir eagarthóra scripte, ag a ndéanfar forbairt bhreise ar gach togra.

Is féidir gach eolas faoi Scéal a fháil ar shuíomh TG4; www.tg4.ie/sceal