Méid an Téacs

Scéim Iasachta Trealaimh do Naíonraí

Aibreán 27, 2016

Tá áthas ar Gaelscoileanna Teo. scéim tacaíochta nua do naíonraí a fhógairt. Cuirfidh an scéim seo trealamh forbartha/oideachasúil agus leabhair ar ardchaighdeán ar fáil ar bhonn iasachta do naíonraí. Tá sé mar aidhm acu bheith ina n-áiseanna luachmhara foghlama agus forbartha sa seomra naíonra agus go spreagfar na páistí bheith ag caint as Gaeilge. Tá réimse leathan trealaimh againn agus is féidir é a úsáid mar bhonn taca le téamaí Aistear a phlé. Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne, agus rogha a dhéanamh maidir le Bosca Spéise, Cistin nó Siopa.

Tá gach eolas maidir leis an Scéim ar fáil anseo: Scéim Iasachta Trealaimh