Méid an Téacs

Scéim Nuachtán Seachtainiúil Gaeilge Ar Líne

Nollaig 17, 2013

An tseachtain seo caite, d’fhógair Foras na Gaeilge scéim nua chun maoiniú a chur ar fáil do nuachtán seachtainiúil Gaeilge ar líne.

Ó tharla go ndeachaigh dhá nuachtán clóite Gaeilge in éag níos túisce sa bhliain, Gaelscéal agus Foinse, beidh pobal na Gaeilge ag brath go géar ar an scéim seo chun an bearna reatha sa soláthar de nuacht scríofa a líonadh agus iad ag guí nach é an todhchaí céanna a bheidh i ndán don fhoilseachán seo leis na nuachtáin eile a chuaigh roimhe.

Tháinig deireadh le Gaelscéal i mí Feabhra na bliana seo nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge nach mbeadh siad ag leanúint leis an gconradh idir iad agus Torann na dTonn, toisc nach raibh ag éirí leis an nuachtán ó thaobh díolacháin de. Thagair Foras na Gaeilge d’fhigiúir de 1,300 cóip sa tseachtain mar líon iomlán an díolacháin sna siopaí, ach bhréagnaigh eagarthóir Gaelscéal, Ciarán Dunbar, na figiúirí seo um an dtaca sin. Cáineadh Foras na Gaeilge go láidir ag an am, le leithéidí Doiminic Ó Brolcháin MLA ag cur i leith an Fhorais ag an am gur thuig siad go raibh na figiúirí díolacháin a d’éiligh siad ó Gaelscéal míréadúil ón tús.

Thit tua eile ar iriseoireacht scríofa na Gaeilge i mbliana, nuair a fógraíodh nach mbeadh Foinse ag filleadh ag tús na scoilbhliana nua i mí Mheán Fómhair. Bunaíodh Foinse i 1996, ach nuair a theip ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge in 2009, rinneadh athmhúnlú ar an nuachtán agus scaipeadh an leagan úr mar fhorlíonadh san Irish Independent agus é dírithe go príomha ar lucht foghlamtha na Gaeilge. Tháinig casadh eile ar an scéal nuair a chur an Irish Independent tús le nuachtán nua Gaeilge, Seachtain, ag deireadh Mhí Mheán Fómhair le foireann eagarthóireachta agus iriseoireachta nua le teacht i gcomharba ar Foinse.

I ráiteas a d’eisigh Foras na Gaeilge i mí Feabhra na bliana seo, cuireadh in iúl gur mheas siad “nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”. Tar éis cruinnithe poiblí agus sraith d’fhócas grúpaí tá scéim úr fógartha anois chun táirge nua a chur in áit Gaelscéal.

Faoin scéim seo, beidh an ‘nuachtáin’ nua seo le soláthar go seachtainiúil saor ó tháille i bhfoirm leagan leictreonach agus beidh sé bunaithe go príomha ar an tuairisceoireacht scríofa agus ar an tráchtaireacht scríofa. I gcritéir na scéime leagtar an-bhéim ar fhreastal a dhéanamh ar riachtanais phobal uile na Gaeilge ó thaobh nuachta náisiúnta agus réigiúnach de, agus go mbeidh béim ar nuacht i nGaeilge le huasdátú leanúnach rialta.

Leagtar béim freisin i gcritéir na scéime ar anailís nó dearcadh faoi leith na nuachta atá dírithe ar phobal na Gaeilge agus cuirtear in iúl go seachnófar an lomaistriúchán. Anuas ar nuachtáin seachtainiúil a sholáthar, beidh ar an gcomhlacht rathúil a éiríonn leo an scéim seo a bhuachan “ardán, oiliúint agus fostaíocht a thabhairt d’iriseoirí le taithí agus don ghlúin úr iriseoirí le Gaeilge agus le scileanna teicneolaíochta”.

Sa bhfoirm iarratais is gá cur síos a dhéanamh ar an bhfreastal a shamhlaítear sna réimsí a leanas agus conas a bhainfear sin amach:

  • nuacht ar bhonn uile-oileáin/réigiúnda/idirnáisiúnta
  • freastal Gaeltachta agus earnáil na Gaeilge i gcoitinne
  • seirbhís eolais faoi imeachtaí
  • ábhar inspéise, gné-ailt, cartúin agus grianghraif
  • cúrsaí spóirt
  • cúrsaí litríochta agus na healaíona
  • ábhar do dhiaspóra na Gaeilge
  • rochtain d’fhoghlaimeoirí

Le buiséad de €1.2M thar thréimhse de cheithre bliana, buiséad atá níos lú dála an scéil ná an maoiniú a cuireadh ar fáil do Gaelscéal, is mór an méid atá Foras na Gaeilge ag súil go mbainfear amach. Ní hamháin go mbeidh gach cineál nuachta le soláthar ar ardchaighdeán ar an bhfoireann iriseoirí nua seo, ach beidh dualgas orthu freisin traenáil a chur ar fáil do ghlúin úr d’iriseoirí le Gaeilge. An bhfuil an botún céanna á dhéanamh in athuair, agus Foras na Gaeilge ag iarraidh freastal ar gach cineál spriocmhargadh in aon fhoilseacháin amháin?

Tá ráite i gcló beag na scéime nach mór d’iarratasóirí gabhálacha scáileáin / leagan amach samplach a chur ar fáil in éineacht leis an iarratas. Seans go dtugann seo an-bhuntáiste do dhreamanna atá ar an bhfód cheana féin agus a bhfuil na córais deartha ar fáil dóibh cheana féin.

Is é an sprioc d’iarratais ná 13.00 Dé hAoine, 24 Eanáir 2014. Bunaithe ar chéim mheasúnaithe na n-iarratas, tabharfar cuireadh chun agallaimh d’iarratasóirí gearrliostáilte le teacht os comhar Coiste Nuachtán agus Irisí an Fhorais.

Gaelport.com