Méid an Téacs

Scléip 2015 faoi chúram Ghael Linn

Meán Fómhair 10, 2014

Scléip-2014Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Bíonn sé spreagúil, spraíúil agus sultmhar do na daltaí agus dá gcuid múinteoirí.

Ón mbliain seo ar aghaidh is iad Gael Linn a bheidh i mbun Scléip. Gabhaimid buíochas leis na scoileanna ar fad a thacaigh le Scléip ónar chuir Gaelscoileanna Teo tús leis i 2005 agus tá súil againn go leanfaidh sibh leis an seó agus go rachaidh sé ó neart go neart faoi stiúir Ghael Linn.

Beidh Gael Linn ag leagan an-chuid béime ar na healaíona comhaimseartha i mbliana agus tabharfaidh múinteoirí a bhí páirteach i Scléip cheana faoi deara go bhfuil athruithe beaga ar cheann nó dhó de na comórtais. Tá bróisiúr Scléip, an fhoirm iontrála agus na rialacha le fáil ar shuíomh Gael Linn ag www.gael-linn.ie. Is féidir aon fhiosrúchán maidir le Scléip a sheoladh ar ríomhphost chuig seanc@gael-linn.ie.

Beidh deis ag iomaitheoirí ó gach scoil páirt a ghlacadh sna réamhbhabhtaí agus gheobhaidh buaiteoirí na mbabhtaí sin cuireadh chuig Craobh ScléipNíl dátaí na réamhbhabhtaí socraithe go fóill, ach tabhair faoi deara go mbeidh siad ar siúl le linn an chéad téarma scoile i mbliana, ar laethanta scoile ag deireadh mhí na Samhna nó ag tús mhí na Nollag 2014. Tá Gael Linn ag súil le réamhbhabhta a bheith acu i ngach cúige ionas nach mbeidh an iomarca taistil ag aon scoil. Chomh luath is atá na hiontrálacha uilig istigh, socrófar na hionaid agus dátaí. Beidh an Chraobh ar siúl ar an Satharn, 24 Eanáir, 2015 i mBaile Átha Cliath.

Tá na táillí iontrála laghdaithe i mbliana agus ní bheidh ar aon scoil níos mó na €50 i dtáillí a íoc.

Tá súil ag Gael Linn go mbeidh fonn ar bhur gcuid popamhránaithe, rinceoirí, aisteoirí, srl. a bheith páirteach i mbliana agus go dtabharfaidh an comórtas spreagadh agus dúshlán do na daltaí agus dá gcuid múinteoirí leis! An spriocdháta d’iontrálacha ná 24 Deireadh Fómhair, 2014.

Tá an fhoirm iontrála le híoslódáil anseo: Scléip Gael Linn 2015