Méid an Téacs

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta i lár an aonaigh eolaíochta

Eanáir 12, 2015

Ag Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT san RDS bhí Martha Nic Ionais (14 – ar dheis), agus Caoilfhionn Ní Dheorian (14) ó Choláiste Chillian i gCluain Dolcáin agus iad ag spraoi leis an stampa nua a d’eisigh An Post mar cheiliúradh ar a bhfuil déanta ag Éirinn ar son na heolaíochta
An bhfuil gaol idir an saghas ceoil a n-éisteann déagóirí leis agus a bpearsantacht? An bhfuil tionchar ag dath na súl ar radharc na súl ag duine? An gcabhraíonn áiseanna litrithe le daoine feabhas a chur ar a gcumas litrithe?

An féidir bogearra a chruthú le haghaidh forbairt teanga agus urlabhra? An bhfuil cumas éisteachta níos fearr ag ciotach ná mar atá ag deisealach? Cé chomh randamach is atá mód suaite nó shuffle mode an i-pod i ndáiríre?

Agus conas is féidir timpistí dréimire a sheachaint?

Seo cuid de na ceisteanna atá á gcíoradh ag scoileanna Gaeltachta agus scoileanna Gaeilge ag Taispeántas na nEolaithe Óga san RDS i mBaile Átha Cliath a dtiocfaidh deireadh leis amárach.

Tá trí cinn de thaispeántais le Gaelcholáiste Luimnigh le feiceáil ann. Scrúdaíonn eolaithe óga Luimnigh an bealach inar féidir calcalas (calculus) a úsáid chun an aimsir a thuar, rud a gcuirfidh lucht na réamhfhaisnéise an-spéis go deo ann!

Déanann siad scagadh chomh maith ar chomharthaí sóirt an tí ciceála is éifeachtaí dá bhfuil ann agus fiafraíonn siad dínn an bhfuil an citira sprús ar an gcrann is fearr chun carbón a thógáil isteach.

Tá staidéar déanta ag daltaí Phobalscoil Ghaoth Dobhair ar cé chomh randamach is atá mód suaite an i-pod i ndáiríre agus cé chomh sábháilte is atá do phasfhocal ríomhphoist.

Chomh maith leis sin, nochtann siad torthaí taighde atá déanta acu ar thimpistí dréimire agus na cúinsí a ghabhann leo, le súil is gur féidir iad a sheachaint.

Cúrsaí sábháilteachta atá ag dó na geirbe ag scoláirí Ghaelcholáiste Chiarraí freisin, a bhfuil taighde déanta acu ar thimpistí bóthair agus ar astuithe dé-ocsáid charbóin.

Féachann scoláirí Ghaelcholáiste Reachrann i mBaile Átha Cliath ar conas sinn féin a chosaint ó ghathanna UV.

Anuas ar scrúdú a dhéanamh ar an gceangal idir dath na súl agus radharc na súl, fiosraíonn daltaí Choláiste Ailigh i nDún na nGall an bhaint atá idir cumas éisteachta duine agus é a bheith deisealach nó ciotach.

Fiafraíonn daltaí Choláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath an bhfuil gaol idir an saghas ceoil a n-éisteann déagóirí leis agus a bpearsantacht, agus an rian a d’fhág ár muintir romhainn ar an bpearsantacht chéanna.

Cuid dár múnlú is ea an tógáil a fhaighimid agus an cothú a thugtar dúinn inár leanaí, ar ndóigh, ach scrúdaíonn daltaí Choláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, an méid a tharlaíonn roimhe sin ar fad agus tochailt déanta acu ar an tionchar atá ag gearradh Caesarach ar bheathú cíche linbh.

Ní mór do leanbh ar bith a thagann ar an saol teanga, agus uaireanta cúpla teanga, a shealbhú.

Ceann de na ceisteanna is spéisiúla atá curtha ag an Taispeántas ná cén fáth nach bhfuil ag éirí linn an Ghaeilge a thabhairt linn mar is ceart, taighde atá ar bun ag daltaí Choláiste Naomh Muredach as contae Mhaigh Eo, tar éis gur scoil Bhéarla an scoil a bhfuil siad ag freastal uirthi.

Amach ón gcaint, cuid lárnach de shealbhú teanga is ea an léamh agus an scríobh agus tá anailís staitisticúil déanta ag lucht Choláiste Choilm, Corcaigh, ar an tionchar atá ag áiseanna litrithe ar chumas litrithe daoine óga.

Ar na scoileanna eile a mbeidh taispeántais leo le feiceáil san RDS, tá Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin; Coláiste Cholmcille, Indreabhán; Gaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór; Gaelcholáiste an Phiarsaigh agus Coláiste Chillian, Baile Átha Cliath.

I mbliana ag Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT 2015, is féidir cúrsaí eolaíochta agus taighde a phlé i nGaeilge le hionadaí ó Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn. Beidh ionadaí anChoimisiúin ar fáil ó 14.00 ar aghaidh inniu ag stainnín a 30, Halla na dTionscal, san RDS.

www.tuairisc.ie