Méid an Téacs

Scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus tacaíocht le matamaitic san ardoideachas faoi chaibidil ag an gCoiste um Oideachas

Deireadh Fómhair 7, 2015

Scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus tacaíocht le matamaitic san ardoideachas faoi chaibidil ag an gCoiste um Oideachas

Tiocfaidh comhaltaí an Chomhchoiste um Oideachas agus Coimirce Shóisialach le chéile amárach chun cruinniú dáchodach a thionól agus chun plé a dhéanamh le hionadaithe don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus do Ghréasán Tacaíochta Foghlama Matamaitice na hÉireann.

6 Deireadh Fómhair 2015

Tosóidh an cruinniú ar 2.00 p.m. i Seomra Coiste 4 amárach, Dé Céadaoin, an 7 Deireadh Fómhair 2015.

Ar dtús, tabharfaidh an tUas. Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach Ainmnitheach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), aitheasc don Choiste maidir leis na riachtanais ar leith atá ag na scoileanna Gaeltachta agus ag na Gaelscoileanna, idir bhunscoileanna agus iar bhunscoileanna, agus maidir leis an gcaoi a bhfuiltear ag freastal ar na riachtanais sin.  Sa dara cuid den chruinniú déanfaidh an tUas. Ciarán O’Sullivan cur i láthair ar fhionnachtana an tsuirbhé a rinne Gréasán Tacaíochta Foghlama Matamaitice na hÉireann (GTFMÉ) le déanaí le mic léinn i ndáil le tacaíocht foghlama matamaitice.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Joanna Ní Thofa, TD: “Léiríonn an cruinniú seo a leithne atá feidhm an Choiste, go háirithe maidir le cúrsaí oideachais.  Is deis é ár gcruinniú leis an Uas. Ó hAiniféin léargas a fháil ar na saincheisteanna éagsúla a bhfuil ar scoileanna na Gaeltachta agus ar Ghaelscoileanna aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe anois i bhfianaise an fháis leanúnaigh atá ag teacht ar na dúshláin dhéimeagrafacha, theangeolaíocha agus eile.

“Beidh deis againn ansin éisteacht leis an Uas. O’Sullivan agus é ag caint faoin tuarascáil ó GTFMÉ, ‘Student Evaluation of Mathematics Learning Support: Insights from a large scale multi-institutional survey’.  Tá léargas luachmhar sa suirbhé faoin athrú ó mhatamaitic ar an dara leibhéal go dtí matamaitic ar an tríú leibhéal do mhic léinn i raon leathan réimsí agus faoin tionchar atá ag seirbhísí tacaíochta matamaitice.  I bhfianaise na tábhachta a bhaineann leis an matamaitic agus le hábhair ghaolmhara ó thaobh mic léinn a ullmhú i gcomhair na ndeiseanna fostaíochta atá ag teacht chun cinn sa gheilleagar seo againne atá i mbéal forbartha, tá an suirbhé seo an tráthúil.

Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal chomh maith trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Críoch

Fiosrúcháin ó na Meáin:

Liam O’Brien
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
P: +353 1 618 4484
M: +353 86 189 5098
liam.obrien@oireachtas.ie
Twitter @OireachtasNews

Comhaltas an Choiste:

Cathaoirleach:

Joanna Ní Thofa (Páirtí an Lucht Oibre)

Teachtaí:

Séamus Ó Banáin (Fine Gael); Réamann de Buitléir (Fine Gael); Catherine Byrne (Fine Gael); Ciarán Ó Canáin (Fine Gael); Siobhán Ní Choileáin (An Comhaontas Pobal seachas Brabús); Micheál Ó Connacháin (Páirtí an Lucht Oibre); Clare Ní Dhálaigh (Neamhspleách); Séamus Ó Dálaigh (Fine Gael); Nollaig Ó hÚrdail (Fine Gael); Cathal Mac Conaill Óig (Fianna Fáil); Eoghan Ó Briain (Sinn Féin); Liam Ó Deaghaidh (Fianna Fáil); Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin); Breandán Ó Riain (Páirtí an Lucht Oibre)

Seanadóirí:

Séamus Ó Dorchaí (Fine Gael); Gearóid Ó Creachmhaoil (Neamhspleách); Marie Uí Mhaoldomhnaigh (Páirtí an Lucht Oibre); Máire Uí Mhóráin (Páirtí an Lucht Oibre); Averil de Paor (Fianna Fáil); Marie-Louise Ní Dhomhnaill (Neamhspleách)

http://www.oireachtas.ie/parliament/mediazone/pressreleases/2015/name-29783-en.html