Méid an Téacs

Scoláireachtaí Printíseachta á dTairiscint ag Údarás na Gaeltachta

Eanáir 20, 2016

Tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint Scoláireachtaí Printíseachta gur fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad d’iarrthóirí le cáilíocht mar cheardaí a bhaint amach.
Ní mór d’iarrthóirí a bheith sé bliana déag d’aois ar a laghad agus na buncháilíochtaí seo a leanas a bheith acu:

Teastas Grúpa/ Meanteastas/ Teastas Sóisearach, le pas i gcúig ábhar nó a chomhionann. Tá matamaitic riachtanach i gcás printíseachtaí áirithe;

réamhchúrsa printíseachta atá aitheanta ag SOLAS;

os cionn 16 bliain d’aois agus taithí aitheanta acu sa cheird le trí bliana.

Is d’iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge líofa na scoláireachtaí seo.
Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil ó http://www.udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/tionscnaimh-oiliuna/printiseachtai nó glaoigh ar 091 503139 / 091 503121.

Ní mór foirm iarratais comhlánaithe a bheith ar ais roimh 26 Feabhra 2016.