Méid an Téacs

Seachtain na Gaeilge 2014 buailte linn

Márta 4, 2014

Beidh féile mhór na Gaeilge ar siúl ó 1-17 Márta agus le neart imeachtaí ar siúl in Éirinn agus thar lear chun an Ghaeilge a cheiliúradh.

Cuireadh tús spleodrach le Seachtain na Gaeilge 2014 i gCill Airne ag an deireadh seachtaine áit a reáchtáladh ceolchoirm sráide leis an ngrúpa Seo Linn ar an tSráid Mhór mar chuid d’imeachtaí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2014.

Rinneadh tús na féile a cheiliúradh i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine ag ‘Game for Gaeilge’, cluiche dúshláin idir club Chiaráin Kilkeeny, ambasadóir fhéile na bliana seo, CLG Caisleán Cnucha, agus an club lán-Ghaeilge, CLG Na Gaeil Óga, i bPáirc Somerton, Caisleán Cnucha. I láthair an chluiche bhí Corn Sam Mhig Uidhir agus aíonna speisialta. Agus i mBéal Feirste, bhí ambasadóir eile na féile, Lynette Fay, i dteannta ionadaithe ón tionscadal Líofa 2015, i láthair ag Féile CLG Ollscoil na Banríon i mBéal Feirste áit a nglacadh páirt in imeacht speisialta ag leath-am Chorn Uí Riain.

Eagraítear na mílte imeachtaí mar chuid den fhéile bhliantúil a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear. I measc na n-imeachtaí a bhíonn ar siúl sa phobal bíonn siúlóidí stairiúla, filíocht, ceardlainne éagsúla, imeachtaí do ghasúir, scéalaíocht, ranganna, scóráil sciobtha as Gaeilge, ceolchoirmeacha agus ar ndóigh bíonn ciorcal comhrá arna eagrú i go leor caiféanna timpeall na tire mar aon le go leor imeachtaí Gaelacha eile. Tugann an fhéile deis do gach uile dhuine, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd a fhaigheann a gcéad bhlaiseadh den teanga, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge.

Ag caint i gCill Airne ag an deireadh seachtaine, dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, “Tá sé an-tábhachtach go bhfreastalaíonn imeachtaí na féile ar spéiseanna éagsúla an phobail agus táimid ag tabhairt cuireadh oscailte do chách páirt a ghlacadh san fhéile agus an deis a thapú chun an Ghaeilge a úsáid agus a cheiliúradh ag imeachtaí na féile nó ina slí féin: sa bhaile, san obair, le cairde, ar na meáin shóisialta nó eile. Is cuma má tá cúpla focal agat nó a lán, is linne ar fad an Ghaeilge”.

I measc phríomh-imeachtaí eile Sheachtain na Gaeilge, beidh Rith 2014, an t-ollrith náisiúnta ó Bhaile Bhúirne go Béal Feirste, ar siúl ó 7 – 15 Márta; beidh Cinemobile ag dul ar mhion-chamchuairt na tíre ó 5 – 7 Márta le scoth na scannán Gaeilge a léiriú do dhaltaí scoile ina bpictiúrlann shoghluaiste; beidh Gaelspraoi de chuid St. Patrick’s Festival ar siúl i mBaile Átha Cliath ó 14-17 Márta agus cuirfear críoch oifigiúil le himeachtaí na féile le Ceiliúradh Phobal na Gaeilge i Halla na Cathrach, Béal Feirste ar Lá Fhéile Pádraig.

Is iad grúpaí pobail, scoileanna, údaráis áitiúla, leabharlanna, eagraíochtaí cultúir, spóirt agus ceoil, agus grúpaí eile nach iad a eagraíonn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mórthimpeall na hÉireann agus an domhain. Tá liosta imeachtaí na féile ar fáil ar www.snag.ie agus ar aip na féile, SnaG 2014, atá ar fáil le híoslódáil saor in aisce ar iTunes agus ar Google Play.

Foilsithe ar Gaelport.com