Méid an Téacs

Seachtain na Gaeilge i gCathair an Chultúir

Feabhra 27, 2013

Tá Seachtain na Gaeilge ag druidim linn agus tá Doire – Cathair Chultúir 2013 – réidh le gach rud atá Gaelach a cheiliúradh le clár imeachtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge a bheas ar siúl ón 1 go dtí 17 Márta 2013.

Ceiliúrtar Seachtain na Gaeilge ag pobail ar fud fad oileán na hÉireann agus tá féile 2013 speisialta mar gur Bliain na Gaeilge í 2013, bliain ina mbeidh imeachtaí Gaeilge á gcur ar fáil i rith na bliana ar fud an oileáin.
Tosaíonn Seachtain na Gaeilge i nDoire le hÉigse Cholm Cille, imeacht bliantúil de chuid Ollscoil UIadh (Campas Mhig Aoidh) a chíorann stair litríocht na Gaeilge. Beidh Éigse 2013 ar siúl ar an Aoine 1ú agus an Satharn 2ú Márta agus i mbliana, déanfaidh na cainteoirí an téama ‘An Ghaeilge san Oileán Úr’ a thaiscéaladh.
I measc na léachtaí a bheas ar chlár na hÉigse, tá ‘Iriseoireacht na Gaeilge san Oileán úr’ agus ‘Stair na Gaeilge mar ábhar ollscoile sna Stáit Aontaithe’.

Is é buaicimeacht Sheachtain na Gaeilge do pháistí é Féile Bheag na Leabhar atá arna eagrú ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le féile Humdinger! le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Is é seo an chéad fhéile leabhar agus scéalaíochta na Gaeilge do pháistí a tharla sa chathair agus ritheann an fhéile ón Déardaoin 7 go dtí an Satharn an 9 Márta le réimse imeachtaí léitheoireachta agus scéalaíochta do pháistí de gach aois.

Ar an chlár beidh imeacht le Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh le scéalaí iomráiteach Chonallach Gearóidín Bhreathnach; seisiún finscéalta agus fabhalscéalta athshamhlaithe do chluasa óga leis an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh, agus seoladh an leabhair bhig ghleoite ‘Déanann Rosie Réidh’ a scríobhadh agus a maisíodh ag ealaíontóir áitiúil Trisha Deery. Beidh Aonach Leabhar Gaeilge ar fáil i rith na féile.

Ón 11-13 Márta beidh Scéim an Fháinne á tairiscint ag Cultúrlann Uí Chanáin le deis a thabhairt dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge sa chathair agus sa dúiche fáinne airgid nó fáinne óir a bhaint amach trí scrúdú béil a dhéanamh. Beidh Bronnadh na bhFáinní ar siúl ag imeacht speisialta ar an Déardaoin 16 Márta ag a mbeidh Méara na Cathrach, an Comhairleoir Caoimhín Mac Cathmhaoil ag bronnadh teastas agus fáinní dóibh siúd ar éirigh leo cúrsaí Gaeilge a bhaint amach agus ar éirigh leo sna scrúduithe béil.
Tugtar fáilte do phobal na Gaeilge ar fad bheith linn sa chathair ar an Satharn 16ú Márta le Lá na Gaeilge a cheiliúradh, imeacht de chuid Thionscnamh an Mhéara, ag a mbeidh Cearnóg Halla na Cathrach beo leis an Ghaeilge agus an Chultúr Gaelach! Beidh ceol agus amhránaíocht ón ardán, léirithe ónár nGaelscoileanna, seastáin eolais faoin Ghaeilge, ceardlanna ealaíne agus ceirde, Céilí Mór faoin spéir agus Margadh na Cathrach Múrtha ag díol gach cineál bia agus dí ar an lá.
Fáilte roimh chách!
Críochnaíonn Seachtain na Gaeilge ar an Domhnach an 17ú Márta le Carnabhal bliantúil Lá Fhéile Pádraig agus tá breis eolais faoi gach imeacht atá ag tarlú mar chuid dár bhFéile Earraigh ar fáil trí chuairt a thabhairt ar www.derrycity.gov.uk/stpatricksday
Bí ar an eolas is déanaí faoi gach imeacht atá ag tarlú mar chuid de Sheachtain na Gaeilge trí shúil a chaitheamh ar leathanach Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire www.derrycity.gov.uk/gaeilge nó caith súil ar ár leathanach Gaeilge ar Facebook www.facebook.com/foramphobalnagaeilge.
Nó más maith leat eolas faoi Sheachtain na Gaeilge a fháil i gcló déan teagmháil le hOifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire, Pól Ó Frighil ar (028) 71365151, seol ríomhphost chuig gaeilge@derrycity.gov.uk nó cuir scairt ar Líne na Gaeilge de chuid na Comhairle Cathrach (028) 71376579.

Foilsithe ar Gaelport.com