Méid an Téacs

Seanscéalta Éireannacha á n-athinsint do ghlúin úr – Leabhair chlóite agus ríomhleabhair arna bhfoilsiú

Deireadh Fómhair 4, 2013

Tá an chéad cheann de shraith nua leabhar do pháistí á sheoladh ag Inis Publications, agus é mar aidhm acu an mhiotaseolaíocht agus na finscéalta Éireannacha a thabhairt ar ais isteach sa seomra ranga…

“Nuair a bhí mo pháistí níos óige agus ag tabhairt leabhair Ghaeilge abhaile ón nGaelscoil, b’ábhar díomá dom go raibh a laghad sin de sheanscéalta na hÉireann iontu. Agus mé féin ag freastal ar an mbunscoil, bhíodh na finscéalta sna leabhair léitheoireachta againn, agus thaitin siad go mór liom, “ arsa Trish Hegarty, an t-údar agus stiúrthóir Inis Publications.

Is é The Brown Bull of Cooley – An Donn Cuailgne an chéad leabhar den sraith nua seo, ina ndéantar finscéalta Éireannacha a athinsint do ghlúin úr. Beidh na scéalta á bhfoilsiú mar leabhair chlóite agus mar ríomhleabhair. Déanann an t-údar Trish Hegarty, iar-iriseoir leis an BBC, na scéalta a athinsint go simplí i mbealach a oireann go maith don scéalaíocht. Tá na leabhair maisithe go galánta ag John Quigley, an t-ealaíontóir Ceilteach, agus aistrithe go Gaeilge ag Daire Ní Laoi, múinteoir naíscoile agus aistritheoir as Binn Éadair i mBaile Átha Cliath.

Sa chéad leabhar, insítear scéal Mhéibhe, Banríon Chonnacht, a théann sa tóir ar an Donn Cuailgne chun a chruthú dá fear céile gurb ise an duine is saibhre in Éirinn. Leabhar an-oiriúnach é seo le léamh do pháistí óga, nó mar leabhar léitheoireachta do phaistí ó 7 – 10 mbliana d’aois.

Tá The Brown Bull of Cooley – An Donn Cuailgne ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge, mar leabhar clóite agus mar ríomhleabhar. Is féidir cóipeanna clóite a ordú ar www.inispublications.com nó ar iarratas ó do sholáthraí áitiúil leabhair scoile. Tá an leagan Béarla agus an leagan Gaeilge den ríomhleabhar le ceannach ar Amazon agus ar Kindle.

 An Donn Cuailgne