Méid an Téacs

Seimineár gairmeacha do dhaltaí scoile le reáchtáil san Uaimh

Márta 20, 2012

Ar an Máirt 27 Márta beifear ag díriú ar dhaltaí scoile i gContae Na Mí, Contae Lú, tuaisceart Átha Cliath agus An Cabhán nuair a bheidh an seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge ag tabhairt cuairte ar bhaile na hUaimhe i gContae  na Mí.

Ag labhairt ag an seimineár san Uaimh beidh Irene Ní Nualláin atá ag obair mar Iriseoir le TG4/RTÉ, Traic Ó Braonáin atá ina Bhainisteoir Iar-Aire le Cumann na bhFiann, Bláthnaid Ní Chofaigh, Láithreoir le RTÉ (ar chlé), Marcus Ó Buachalla Ó Pembroke Communications agus Siobhan Seoighe atá ina Feidhmeannach leis an bhForas Pátrúnachta.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.  Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge d’fhostaithe sa saol oibre.

Le déanaí bhí seimineáir dá shaghas i mBéal Átha na Sluaighe i gCo. na Gaillimhe agus in Inis i gCo. an Chláir, áit ar bhailigh suas le 500 dalta scoile le chéile.

Is féidir tuilleadh eolais faoin seimineár seo a fháil ach glaoch a chur ar Bhígíd Ní Ghríofa ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag 01 679 4780 nó r-phost a chur chuig eolas@gaelport.com.