Méid an Téacs

Seirbhísí túslíne oideachais á gcosaint ag an Aire Quinn i gCáinaisnéis 2013

Nollaig 10, 2012

Níl aon athrú tagtha ar mhéideanna na ranganna i mbunscoileanna agus i scoileanna saora dara leibhéal

Inniu, thug an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. cuntas ar an gcaoi a bhfuil seirbhísí túslíne i scoileanna agus institiúidí ardoideachais cosanta aige a mhéid is féidir é sa Cháinaisnéis.

Ainneoin an ghá le coigiltí móra a aimsiú sa Roinn, tá sé fógartha ag an Aire Quinn nach mbeidh aon laghdú ar an líon múinteoirí i mbunscoileanna agus scoileanna saora dara leibhéal mar thoradh ar an gCáinaisnéis seo. Ina theannta sin, tá sé ag cosaint seirbhísí riachtanas speisialta, rud a chiallaíonn nach mbeidh aon laghdú ar an líon Múinteoirí Acmhainne ná ar an líon Cúntóirí Riachtanas Speisialta. Tá scéim DEIS do scoileanna faoi mhíbhuntáiste cosanta go hiomlán chomh maith agus níl aon athruithe foriomlána déanta ar an leibhéal foirnithe ná ar an maoiniú mar thoradh ar an gCáinaisnéis seo.

Is é €8.514 billiún buiséad caiteachais reatha na ROS do 2013. Teastaíonn coigiltí de €90 milliún éigin don bhliain seo chugainn. Tá sé seo comhdhéanta de €77 milliún de choigiltí a fógraíodh faoin Athbhreithniú Cuimsitheach ar Chaiteachas anuraidh, mar aon le €13 milliún eile chun riaradh ar bhrúnna aníos a bhaineann go formhór leis na costais pá do mhúinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta.

“Ós rud é go gcaitear ceithre euro as gach cúig i m’Ollbhuiséad Reatha ar phá agus pinsin, ní raibh sé easca na coigiltí riachtanacha de €90 milliún a shainaithint. Tá mo dhícheall déanta agam, áfach, sa mhéid gur féidir é, an tiomantas i gClár an Rialtais a chomhlíonadh, is é sin tús áite a thabhairt don oideachas agus seirbhísí túslíne a chosaint,” adúirt an tAire Quinn.

D’fhonn cur leis an gcothroime i maoiniú scoileanna dara leibhéal, tabharfar isteach méadú 2 phointe sa chóimheas dalta múinteora (PTR) i scoileanna dara leibhéal táille i Meán Fómhair 2013. Tá 55 scoil ann faoi láthair, as 723 iar-bhunscoil, a ghearrann táillí ó leibhéal €2,550 go dtí leibhéal €10,065 ar dhaltaí lae. Faoi láthair, íocann an Stát tuarastal múinteora amháin in aghaidh gach 21 dalta sna scoileanna seo, i gcomparáid le tuarastal múinteora amháin in aghaidh gach 19 dalta i scoileanna sa Scéim Saoroideachais.

Ardófar an figiúr seo go dtí 23:1 i scoileanna a ghearrann táillí. Tá na hacmhainní ag na scoileanna seo, áfach, leis na táillí a ghearrtar, chun múinteoirí a fhostú go príobháideach, rud nach féidir do scoileanna nach bhfuil sa Scéim Saoroideachais a dhéanamh. Foilseofar tuarascáil faoin anailís a rinne an Roinn ar ioncam na scoileanna táille ón dteagasc sa Bhliain Nua.

Tá dhá bheart á nglacadh chun na costais ionadaíochta do mhúinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta i scoileanna a laghdú. I dtosach, comhchuibhreofar tagairtí saoire breoiteachta leo siúd a bhfuil feidhm acu sa státseirbhís. Ciallóidh sé seo go mbeidh ar scoileanna múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta a chur ar aghaidh go dtí an tseirbhís sláinte gairme, gur ionann é is dochtúir na cuideachta, tar éis ceithre seachtaine de shaoire breoiteachta. Ar an dara dul síos, déanfar athbhreithniú ar na socruithe do shaoire mháithreachais-in-ionad do mhúinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus clúdófar teidlíochtaí na múinteoirí le dúntaí scoile. Ní rachaidh an beart seo i gcion ar a dteidlíocht reachtúil do 6 mhí de shaoire mháithreachais láníoctha agus do 16 seachtaine de shaoire neamhíoctha. Déanfar athrú comhchosúil leis sin i leith saoire uchtála-in-ionad.

Tríd an dá bheart seo a ghlacadh ag an am céanna, d’éirigh leis an Aire Quinn dóthain airgid a choigilt chun fanacht amach ó laghdú a dhéanamh ar an líon múinteoirí i scoileanna príomhshrutha.

Táthar chun an PTR i gcláir Iar-Ardteistiméireachta a chur ar chomhchéim leis an PTR i scoileanna príomhshrutha dara leibhéal, is é sin le rá, athróidh sé ó 17:1 mar atá faoi láthair go dtí 19:1. Ní móide go rachaidh sé seo i gcion ar an líon ionad i gcláir Iar-Ardteistiméireachta, áfach.

Ní dhéanfar méadú feasta, go dtí an uasmhéid de €188 in aghaidh na seachtaine, ar na híocaíochtaí nua do na rannpháirtithe ar chláir bhreisoideachais agus oiliúna SDOG, Ógtheagmhála agus FAS a bhogann ó íocaíochtaí Jobseekers, sa chás gur lú ná seo a liúntais Jobseekers. Leanfar, áfach, de ráta breisithe de €160 in aghaidh na seachtaine a íoc le daoine faoi bhun 25 bliain d’aois. Cé go bhfuil gá le laghdú, de bharr na ndeacrachtaí geilleagracha, beidh dreasacht airgeadais ann i gcónaí do dhaoine óga chun deiseanna breisoideachais agus oiliúna a thapú. Déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí an rud céanna i leith na Scéime Liúntais chun Filleadh ar an Oideachas.

Mar atá curtha in iúl cheana ag an Aire Quinn, ardófar ranníocaíocht an mhic léinn ag an tríú leibhéal de €250 in 2013 go €2,500, agus de €250 don dá bhliain ina dhiaidh sin go dtí uasmhéid de €3,000 faoi 2015. Beidh laghdú de 3% ann chomh maith faoin gCáinaisnéis ar an dtairseach ioncaim i gcomhair teidlíochta do dheontais mac léinn. Ardaíodh an tairseach seo gach bliain ó 1997 go 2009, de réir meántuillimh tionsclaíoch. Tháinig ísliú de 7.9% ar mheánioncaim le blianta beaga anuas, áfach, ach ní raibh aon laghdú dá réir sin ar thairseacha ioncaim chun críocha deontas ó tharla an cor chun donais. D’éirigh leis an Aire Quinn, áfach, na rátaí tacaíochta deontais atá ann faoi láthair a choinneáil dóibh siúd a cháileoidh in 2013.

Tá an tAire Quinn ag iarraidh bainistíochta níos stuama ar iarmhéideanna airgid tirim, mar atá faoi láthair, ar na hInstitiúidí Ardoideachais trína leithdháileadh a laghdú ar bhonn aon-uaire de €25 milliún. Tá sé ag iarraidh ar an Údarás um Ardoideachas a chinntiú nach rachaidh an beart seo i gcion ar sheirbhísí túslíne do mhic léinn. Ar an gcaoi chéanna, laghdófar ar an leithdháileadh do CGOanna de €13.2 in 2013 ach arís ní móide go laghdóidh sé seo na leibhéil seirbhíse.

“Bíodh is go raibh sé deacair an leibhéal coigiltí a bhí ag teastáil a aimsiú, tá iarracht déanta agam bheith chomh cothrom is ab fhéidir tríd síos,

seirbhísí túslíne oideachais a chosaint a mhéid is féidir é, agus tús áite a thabhairt do na hearnálacha sin sa chóras oideachais a fhónann ar mhic léinn atá faoi mhíbhuntáiste nó a bhfuil riachtanais speisialta acu, “ adúirt an tAire Quinn.

“Mar aon leis na coigiltí a bhí orm a aimsiú, tá acmhainní aimsithe agam chomh maith chun leanúint ar aghaidh lenár gclár uaillmhianach leasúcháin chun torthaí níos fearr a chinntiú dár mic léinn ar fad.”

Tá ollchóiriú iomlán ar an tSraith Shóisearach faoi lán seoil anois, agus tabharfar tacaíocht dó le hinfheistíocht de €3 milliún in 2013, agus de €8.7 milliún in 2014. Tá an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta á bhfeidhmiú i gcónaí, ar chostas de €6.5 milliún in 2013. Faoin gClár Tógála Scoileanna do 2013 cuirfear tús le 50 tionscadal do scoileanna nua agus síntí móra. Dá bharr seo, beidh 113 de na tionscadail mhóra atá beartaithe do scoileanna ar an suíomh in 2013, mar chuid de chaiteachas foriomlán caipitil ar scoileanna de bheagnach €370 milliún.

Táthar i gcónaí ag cur leathanbhanda ardluais i bhfeidhm i scoileanna dara leibhéal, agus súil le 200 scoil eile a bheith nasctha faoi Mheán Fómhair 2013. Táthar ag cur an Phlean Aicsin faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile i bhfeidhm, agus cinnteoidh sé seo go mbeidh níos mó roghanna ann do thuismitheoirí. De bharr na rollachán méadaitheach ag an mbunleibhéal agus an iar-bhunleibheal araon, cruthófar tuairim is 900 glan de jabanna do mhúinteoirí an bhliain seo chugainn – 450 ag an mbunleibhéal agus 450 ag an iar-bhunleibheal.

Tá iomlán de €48 milliún curtha ar fáil chomh maith sa Chiste Náisiúnta Oiliúna do bhearta gníomhachtaithe saothair dóibh siúd atá dífhostaithe agus i gcomhair oiliúna spriocdhírithe i scileanna in 2013.

www.education.ie