Méid an Téacs

Seoladh Dámhachtainí Eorpacha na Bliana 2012: Ag tabhairt onóra do na tionscnaimh is fearr a chuireann aosú gníomhach agus dlúthpháirtíocht idir glúine chun cinn

Meitheamh 26, 2012

An Bhruiséil, 21 Meitheamh 2012. Mar chuid den Bhliain Eorpach um Aosú Gníomhach agus Dlúthpháirtíocht idir Glúine, tá an Coimisiún Eorpach ag seoladh Dámhachtainí Eorpacha na Bliana 2012 le ceiliúradh a dhéanamh leis na heagraíochtaí agus leis na daoine aonair a chuireann aosú gníomhach chun cinn ina gcuid gníomhaíochtaí.

“Áiteanna Oibre do gach Aois”: Aithnítear sa chatagóir seo na tionscnaimh is fearr a dhéanann fostóirí, ceardchumainn agus eagraíochtaí seachbhrabúsacha le dálaí oibre níos fearr a chur chun cinn do na fostaithe níos sine.

“I dtreo Timpeallachta a Thacaíonn le Daoine Breacaosta”: Aithnítear sa chatagóir seo tionscnaimh den chéad scoth ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla siúd a chruthaíonn timpeallacht chuimsitheach inrochtana a éascaíonn aosú gníomhach agus a chuireann tionchar dearfach ar shláinte agus ar cháilíocht saol gach glúine.

“Fiontraithe Sóisialta”: Aithnítear sa chatagóir seo na tionscnaimh is rathúla ag fiontraithe sóisialta chun aosú gníomhach agus dlúthpháirtíocht idir glúine a chur chun cinn.

“Tuairisciú ar Aosú agus Caidreamh idir na Glúine”: Aithnítear sa chatagóir seo na hiriseoirí siúd a chuir go suntasach ina gcuid oibre le tuiscint níos fearr a thabhairt ar na dúshláin in aghaidh na sochaí breacaosta agus conas dul i ngleic leo, agus iad ag ardú leibhéal na díospóireachta poiblí agus ceapadh beartais níos fearr a chur chun cinn dá réir.

“Dúshlán na mBeathaí”: Déantar beatha na ndaoine breacaosta a cheiliúradh sa chatagóir seo. Tugtar cuireadh don ghlúin óg beatha duine breacaosta a insint (ball teaghlaigh, comharsa, cara, srl.) agus tionchar ag “an aois ghníomhach” ar theaghlach, ar an tsochaí nó ar obair, a chur i láthair.

“Comórtas Glúine@scoil”: Agus é seolta Marta 2012, tugtar cuireadh do gach scoil san Eoraip doirse a gcuid seomraí ranganna a oscailt do dhaoine breacaosta. Beidh deis ag leanaí agus ag daoine breacaosta smaoineamh le chéile ar na rudaí is féidir leo foghlaim óna chéile agus ar an dóigh bheith ag obair le chéile le todhchaí níos fearr a bhaint amach. Is féidir le scoileanna rannpháirteacha grianghraif a uaslódáil ar láithreán Gréasáin saincheaptha faoi 30 Meitheamh 2012. Tabharfar aithint ar na tionscadail idirghlúine is cruthaithí ann.

Tá tuilleadh sonraí ar na Dámhachtainí agus ar an dóigh bheith rannpháirteach ar an láithreán Gréasáin http://europa.eu/ey2012/.

Tá an comórtas ar oscailt go dtí 1 Meán Fómhair 2012, agus is féidir le gach saoránach i mBallstáit an AE, san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua bheith rannpháirteach.

Tabharfar cuireadh do na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais freastal ar an Searmanas Bronnta EY2012 um Aosú Gníomhach, atá beartaithe don tSamhain sa Bhruiséil.

Déan teagmháil:
EY2012awards@paueducation.com

Andrea Ricciarelli, ICWE GmbH
Teil: +49 (0)30 310 18 18 43
Facs: +49 (0)30 324 98 33
andrea.ricciarelli@icwe.net