Méid an Téacs

Seolann Conradh na Gaeilge clár chúrsaí Gaeilge do 2013-14

Meán Fómhair 11, 2013

Tá clár iomlán de chúrsaí teanga Chonradh na Gaeilge don bhliain 2013 – 2014 ar fáil den chéad uair i mbliana, agus téarma nua 10 seachtaine de ranganna an fhómhair ag tosú in Uimhir 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, ar 23 – 26 Meán Fómhair 2013.

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Comhordaitheoir Cúrsaí Chonradh na Gaeilge: “Tá Gaeilge á múineadh ag Conradh na Gaeilge do dhaoine fásta ó bhí 1893 ann agus bíonn an-tóir ar ár gcúrsaí tríd an bhliain; theastaigh uainn an deis a thapú chun gach eolas faoi na roghanna foghlama éagsúla atá againn dár gcustaiméirí a chur ar aon bhileog amháin don bhliain 2013 – 2014.”

Níl ach €180 ar chúrsa teanga 10-seachtaine san ardchathair le Conradh na Gaeilge, agus tá lascaine de €20 ar fáil d’iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine dífhostaithe nó ar phinsean ag www.cnag.ie/courses.
Freastalaíonn na cúrsaí ar gach leibhéal foghlaimeora agus na ranganna ar siúl ó 7 – 9.00in ar do rogha d’oíche amháin in aghaidh na seachtaine i gcroílár Bhaile Átha Cliath.

Arsa Ní Ghairbhí: “Tá clár na gcúrsaí uile atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ar fáil ó Uimhir 6 Sráid Fhearchair nó ar ríomhphost ó eolas@cnag.ie. Is cuma an dalta Ardteiste tú gur ghá líofacht teanga a bhaint amach faoi mhí Aibreáin, nó más mamaí le páistí Gaelscoile tú atá ag iarraidh cúpla focal a chleachtadh sa bhaile, tá cúrsa ag Conradh na Gaeilge duitse le linn 2013 – 2014!”

Tá cúrsa 10-seachtaine ar leith á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ar €140 ó 5.00 – 6.30in gach Céadaoin, dírithe ar mhic léinn Ardteiste Átha Cliath atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge in am don scrúdú cainte, dar tús 25 Meán Fómhair 2013. Beidh cúrsa comhrá eile le treoir, foclóir agus cleachtadh don scrúdú cainte ar siúl san earrach leis, dar tús 29 Eanáir 2014.

Dóibh siúd atá ag dul don iarchéim bhunmhúinteoireachta, tá réimse cúrsaí lae á dtairiscint ag Conradh na Gaeilge chun iarrthóirí a ullmhú don agallamh Gaeilge atá mar chuid den phróiseas iarratais idir seo agus Aibreán 2014, dar tús 19 Deireadh Fómhair 2013 ar 10.00rn, ar €100.

Beidh cúrsa nua dar teideal Gearrscéalta an Phiarsaigh á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge den chéad uair an fómhar seo freisin, cúrsa ar leith a bheidh oiriúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus suim acu i litríocht na Gaeilge. Cuimseoidh cúrsa an Chonartha léamh, míniú agus anailís ar rogha de Ghearrscéalta an Phiarsaigh agus gnéithe éagsúla de shaol an Phiarsaigh, ar €180/€160 do chúrsa 10-seachtaine i mBaile Átha Cliath, dar tús 25 Meán Fómhair 2013.

Cloíonn ranganna oíche Chonradh na Gaeilge le siollabais Theastas Eorpach na Gaeilge, agus is féidir áit a chur in áirithint d’aon chúrsa i gcaitheamh na bliana ar-líne ag www.cnag.ie/courses nó trí theagmháil a dhéanamh le Máire Ní Dhuiginn ag eolas@cnag.ie / 01 4757401

Foilsithe ar Gaelport.com