Méid an Téacs

SIAMSAÍOCHT DEN SCOTH AG CRAOBHCHOMÓRTAS SCLÉIP GAEL LINN 2015!

Eanáir 26, 2015

Bhí siamsaíocht den scoth ag craobh Scléip Gael Linn 2015 i mBaile Átha Cliath ar an Satharn, 24 Eanáir 2015.

Comórtas talainne í Scléip, ina gcuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha, agus atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Bhí ceithre réamhbhabhta cháilithe réigiúnacha ar siúl ag deireadh mhí na Samhna/tús mhí na Nollag – i mBaile Átha Cliath, i nDoire, i gCorcaigh agus i nGaillimh – ag a roghnaíodh na hiomaitheoirí do bhuaicphointe seo an chomórtais.

Chruinnigh scoláirí ó Dhún na nGall go dtí an Daingean, mar aon lena gcuid múinteoirí agus a gcuid tuismitheoirí, in amharclann ‘Clasach’, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, go luath maidin Shathairn don mhórócáid, agus bhí an halla lán go doras ! Thosaigh an lá amach leis na comórtais do na scoláirí sóisearacha, agus thug aisteoirí, rinceoirí, amhránaithe, ceoltóirí agus gleacaithe fiú, taispeántais den scoth ar stáitse ! I ndiaidh am lóin, bhí deis ag na scoláirí sinsearacha míreanna sna comórtais Sceitse, Ilchineálach, Rince Cruthaitheach agus Ceol Comhaimseartha a léiriú, agus caithfear a rá go raibh an lucht féachana ag racáil nuair a chuaigh na bannaí ceoil ar stáitse ag deireadh an lae ! Ba iad Seán Ó Ceallaigh ó Gael Linn agus Sinéad Ní Uallacháin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí mar chomhláithreoirí ar an seó talainn iontach seo, agus choinnigh siad an lucht féachana ar an eolas go paiteanta i rith an ama!

Bhí sceitimíní ar na hiomaitheoirí uilig ag fanacht ar na torthaí ! I dtosach báire, thug na moltóirí Tomaí Ó Conghaile, Sibéal Davitt, agus Enda Reilly, le cabhair ó Shinéad Ní Uallacháin chomh maith, léirmheas ar a bhí feicthe acu ar ardán agus thugadar ardmholadh do phobal óg na Gaeilge as míreanna de ardchaighdeán a chur i láthair. Bhí buaiteoirí le roghnú i ngach comórtas, agus bronnadh duais don dara háit, chomh maith, ins na rannóga ina raibh sé (6) iomaitheoir nó níos mó.

Is iad seo a leanas na duaiseoirí ar fad:
Sceitse ( Sóisear ): Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Sceitse ( Sinsear ): Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árainn
Rince Cruthaitheach Aonair ( Sóisear): Sinéad Ní Fhearraigh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Rince Cruthaitheach Aonair ( Sinsear ): Tara Ní Dhuinnín, Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí
Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sóisear ): Alannah, Claire agus Aoife, PS Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sinsear ):Laoise agus Holly, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath
Comórtas Ilchineálach ( Sóisear ): Clodagh Ní Ghallchóir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Comórtas Ilchineálach ( Sinsear ): Cathal Ó Curráin, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Ceol Comhaimseartha Aonair ( Sóisear ): Andi Snyder, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Ceol Comhaimseartha Aonair ( Sinsear ):
An chéad áit – Eve Belle, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fálcarrach, Co. Dhún na nGall
An dara háit – Sorcha Ní Bhriain, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí
Ceol Comhaimseartha Grúpaí ( Sóisear ):
An chéad áit – Emma de Róiste & Ann Marie Beinéid, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath
An dara háit – ‘Na Fómharaigh’, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí
Ceol Comhaimseartha Grúpaí ( Sinsear ):
An chéad áit – ‘Dysania’, Coláiste Oiriall, Muineachán
An dara háit – ‘Cró Crú’, Coláiste Oiriall, Muineachán

Bronnadh duaiseanna, a bhí deartha go speisialta don ócáid ag an seodóir Neil Conway, orthu uilig. Chomh maith leis sin, bhí Gradam Scléip le bronnadh ar an duine nó ar an ngrúpa is mó a sheas amach as iomlán na n-iomaitheoirí. Bhí na moltóirí ar aon fhocal go raibh an duais seo tuillte go mór ag Cathal Ó Curráin ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, as ucht spiorad Scléip a léiriú go hiontach ! Bhí lúchair an domhain ar an réalta óga glacadh leis an ngradam speisialta seo ó Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin .

Ghabh Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, buíochas leis na múinteoirí as a dtacaíocht don chomórtas agus dúirt: ‘Is é seo an chéad bhliain do Gael Linn a bheith i mbun an chomórtais ‘Scléip’, agus táimid an-sásta leis an spéis atá á léiriú ag na scoileanna ann, agus leis an talainn iontach atá feicthe againn go dtí seo! Táimid buíoch de Gaelscoileanna Teo. a chuir tús leis, agus a bhí ina bun ón mbliain 2005 i leith, agus ach go háirithe de Claire Spáinneach agus de Chiara Ní Bhroin as a gcomhairle agus a gcúnamh uilig i mbliana’.