Méid an Téacs

Síneadh ama tugtha d’eagrais Ghaeilge

Márta 6, 2013

Leanfar ag cur maoinithe ar fáil do naoi n-eagraíocht déag atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge go dtí 31 Nollaig 2013, de réir ráitis atá eisithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas inniu, 06 Márta 2013.

Tionóladh an seachtú cruinniú déag d’Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas inniu in Ard Mhacha.

I láthair ag an gcruinniú bhí Carál Ní Chuilín MLA (ar chlé), Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Aire Sóisearach OCALCA Jonathan Bell MLA, agus Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Sa ráiteas deirtear gur aontaigh na hAirí síneadh a chur leis na socruithe reatha do bhunmhaoiniú go dtí an 31 Nollaig 2013.
Thug siad treoir freisin go gcuirfí pleananna chun cinn chun samhail athbhreithnithe do bhunmhaoiniú a thabhairt isteach; samhail a chuimseoidh na Straitéisí ábhartha teanga sa dá dhlínse, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh 2013 ar a dhéanaí.

Ba í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a thug an treoir d’Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge sa bhliain 2009.

Tá cainteanna fós ar siúl maidir le maoiniú na n-eagras faoi chóras nua maoinithe a thiocfaidh i gcomharba ar an tsamhail nua mhaoinithe a bhí molta ag Foras na Gaeilge. Reáchtáladh cruinnithe le heagrais an tseachtain seo seo caite inar pléadh an próiseas athreithnithe agus cúrsaí maoinithe amach anseo.

Is cosúil go mbeidh ciorrú de 6% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge don bhliain 2013 ón mbuiséad a bhí ar fáil dóibh in 2012. Tá iarrtha ag na ranna ar Fhoras na Gaeilge an ciorrú seo a chur i bhfeidhm san ollbhuiséad a chuirtear ar fáil le haghaidh bunmhaoiniú.

Tá an comhráiteas ar fáil le léamh anseo.

Foilsithe ar Gaelport.com