Méid an Téacs

Sonraí á bhfógairt ag an Aire Quinn faoi dheontais chun scéimeanna do leabhair scoile ar cíos a chur ar bun i mbunscoileanna

Eanáir 9, 2014

€15 milliún lena gcur ar fáil thar thrí bliana do bhunscoileanna nach bhfuil scéimeanna do leabhair scoile ar cíos acu faoi láthair

Inniu, nocht an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, pleananna chun a chinntiú go mbíonn scéim do leabhair ar cíos ar siúl ag gach bunscoil sa tír.

Tá na pleananna seo ceaptha chun na costais scoile ar thuismitheoirí a laghdú agus is cuid den chlár oibre mór iad atá ag an Aire Quinn chun dul i ngleic le costais arda a bhaineann le dul ar scoil.

Mar chuid de Bhuiséad 2014, d’fhógair an tAire Quinn go raibh sé tar éis €15 milliún a aimsiú chun tacú le cur ar bun scéimeanna do leabhair ar cíos i mbunscoileanna nach bhfuil á n-oibriú faoi láthair. Táthar chun an t-airgead seo a úsáid mar shíolchaipitil chun deis a thabhairt do bhunscoileanna scéimeanna do leabhair ar cíos dá leithéid a chur ar bun.

Chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna ceist ar na bunscoileanna go léir i nDeireadh Fómhair seo caite an raibh scéim do leabhair ar cíos ar bun acu. Thug breis is 80 faoin gcéad díobh le fios go raibh scéim do leabhair ar cíos ar bun acu.

Ag labhairt dó i mBunscoil na Toirbhirte, Warrenmount, Baile Átha Cliath 8 mhol an tAire na scoileanna ar nós Warrenmount, a bhfuil scéimeanna dá leithéid ar bun acu cheana.

“Cúis áthais dom a fheiceáil go bhfuil an oiread sin de na bunscoileanna againn tar éis scéimeanna do leabhair ar cíos a chur ar bun as a stuaim féin. Tá siad cheana féin ag cabhrú le tuismitheoirí costas na leabhar a laghdú,” adúirt sé.

“Seolfar an maoiniú atá aimsithe agam anois go dtí na scoileanna sin nach bhfuil scéimeanna dá leithéid curtha ar bun acu go fóill, i dtreo is go mbíonn deis ag gach tuismitheoir, is cuma cá bhfuil a chlann ag dul ar scoil, na costais a bhaineann leis sin a laghdú.”

Táthar ag tabhairt cuireadh trí litir anois do scoileanna iarratas a chur isteach ar dheontas chun scéimeanna do leabhair ar cíos a chur ar bun, faoi réir ag na critéir atá leagtha amach thíos. Is é 31ú Eanáir an spriocdháta d’iarratais a fháil.

Táthar ag súil go bhfaighidh scoileanna intofa DEIS (Comhionannas Deiseanna a Sheachadadh i Scoileanna) €150 in aghaidh an pháiste thar thrí bliana, agus go bhfaighidh scoileanna nach scoileanna DEIS iad €100 in aghaidh an pháiste.

Cuirfear in iúl do scoileanna faoi dheireadh an Earraigh cén chaoi ar éirigh lena n-iarratais agus táthar ag súil le deontais a chur ar fáil faoi mhí Bhealtaine chun lándóthain ama a thabhairt do scoileanna téacsleabhair a cheannach agus na scéimeanna do leabhair ar cíos a chur ar bun in am don scoilbhliain dar gcionn.

D’fhoilsigh an ROS “Treoirlínte chun Scéimeanna do Théacsleabhair ar Cíos a Fhorbairt i Scoileanna” i mí Eanáir 2013 mar shraith straitéisí do scoileanna. Féadann scoileanna a bhfuil scéimeanna dá leithéid ar bun acu suas le 80 faoin gcéad a choigilt den chostas a bhíonn ar thuismitheoirí as leabhair nua a cheannach.

Dúirt an tAire Quinn mar fhocal scoir, “Tá sé mar aidhm agam a chinntiú go mbíonn scéim do leabhair ar cíos ag gach aon bhunscoil sa tír seo. Dá bhrí sin, táim ag díriú ar scoileanna nach bhfuil scéim ar bith acu ar dtús. Dá gcuirfí gach bunscoil san áireamh mhaolófaí an maoiniú chomh mór sin gur bheag an tionchar a bheadh aige. Dá dtagadh tuilleadh maoinithe chun bheith ar fáil, áfach, ba mhaith liom na deontais a shíneadh amach chuig na scoileanna eile.”

Soláthróidh an Roinn deontas leabhar do na bunscoileanna go léir i gcónaí amach anseo. Féadtar an deontas seo, faoinar soláthraíodh €7 milliún do bhunscoileanna in 2013, a úsáid chun na scéimeanna do leabhair ar cíos atá ann cheana a nuashonrú nó a fhairsingiú.

Is mar seo a leanas na critéir intofachta do mhaoiniú faoin scéim Deontais Síolchaipitil i gcomhair Scéimeanna do Leabhair ar Iasacht/Cíos:

(a) Ní mór do na húdaráis scoile a ghabháil orthu féin scéim do théacsleabhair ar iasacht/cíos a bhunú, a chuimseoidh ceachtar acu cóipeanna crua de leabhair nó leabhair leictreonacha, do na príomhthéacsleabhair a úsáideann na mic léinn de réir an dea-chleachtais atá leaghta amach in Treoirlínte chun Scéimeanna do Théacsleabhair ar Cíos a Fhorbairt i Scoileanna ar feadh íosmhéide de 5 bhliana. Go hiondúil, caithfidh scéim do théacsleabhair ar iasacht/cíos maireadh ar feadh tuairim is cúig bhliana chun airgead slán a dhéanamh.
(b) Ní mór do na húdaráis scoile a dhearbhú nach raibh scéim do théacsleabhair scoile ar iasacht/cíos ar bun acu sa scoilbhliain 2013/14.
(c) Ní mór do na húdaráis scoile toiliú taifid airgeadais agus eile maidir le bunú, cothabháil agus oibriú na scéime do théacsleabhair ar iasacht/cíos a choimeád agus a chur ar fáil don Roinn ar a n-iarraidh. Úsáidfear gach maoiniú a sholáthrófar go heisiatach chun críche scéim do théacsleabhair ar iasacht/cíos a bhunú.

Maoiniú a chuirtear ar fáil faoi láthair do scoileanna i gcomhair leabhar:
Íoctar an deontas leabhar do gach bunscoil aitheanta agus do gach iar-bhunscoil laistigh den Scéim Saoroideachais, agus ráta breisithe á fháil ag scoileanna DEIS. Íoctar i mí an Mheithimh é gach bliain don scoilbhliain dar gcionn. Imfhálaíodh €15 milliún don chlár do 2012 agus 2013 araon.

www.education.ie