Méid an Téacs

Spraoi: Tionscadal nua ó Raidió na Life dírithe ar bhunscoileanna

Deireadh Fómhair 7, 2015

 

Cad é?

‘Séard atá i SPRAOI ná tionscadal de chuid Raidió na Life chun an staisiún ar fáil mar áis foghlama do bhunscoileanna agus guth a thabhairt do pháistí i bpobal na Gaeilge.

  • Beidh foireann SPRAOI ag tabhairt cuairteanna ar ghaelscoileanna ar fud fad Bhaile Átha Cliath; ag labhairt leis na páistí faoi féidearthachtaí a bhaineann leis an raidió pobail agus ag taifead agallaimh agus ceol leo. Mairfidh an cuairt thart ar 40 nóiméad
  • Craolfar na taifeadtaí ar sraith raidio úrnua, speodrach do pháistí bunscoile ar Raidió na Life
  • Amach anseo, beidh an stáisiún ag reachtáil sraith ceardlainn craoltóireachta do pháistí bunscoile i stiúideó Raidió na Life chomh maith.

Cathain?
Beidh camchuairt na scoileanna ar siúl i rith mí Dheireadh Fómhair 2015 agus muid ag seoladh an tionscadal go foirmeálta ar 31 Samhain ag Oireachtas na Samhna 2015, in Óstán Citywest. Cuirfear tús leis an sraith raidió nua i mí na Samhna

 

Conas gur féidir leat clárú don camchuairt scoile nó tuilleadh eolais a fháil faoi na ceardlainn craoltóireachta?

Más mian leat go dtugadh foireann SPRAOI cuairt ar do scoil nó má tú ag iarraidh spéis a léiriú sna ceardlainn craoltóireachta, is féidir teangmhail a dhéanamh le  Judy-Meg ag judy.meg@raidionalife.ie nó glaoch a chur orainn ag 01 6616 333