Méid an Téacs

Spraoicheisteanna Fhéile an Fhómhair

Deireadh Fómhair 22, 2013

B’iontach na hocáidí Gaelacha a reachtáladh i gCeatharlach mar chuid d’imeachtaí Fhéile an Fhómhair i mbliana.

I measc na n-imeachtaí a bhí ar siúl, bhí dhá Spraoicheist, ceann amháin dírithe ar dhaltaí sa chéad agus sa dara bliain agus ceann eile do dhaltaí na nardranganna i mbunscoileanna an cheantair. Bhí beagnach fiche foireann i láthair do Spraoicheist na chéad agus na dara bliana a bhí ar siúl in Ionad Pharóiste na hArdeaglaise. Bhí daltaí ó Ghaelcholáiste Cheatharlach, ó Choláiste an Chnoic Bhig agus ó Phobalscoil na Tulaí san iomaíocht. Bhí éagsúlacht an-mhaith de cheisteanna ann bunaithe ar cheol, cursaí reatha, spórt, scannáin, stair, tíreolas agus eolas ginearálta. Bhí an bua ag foireann Ghaelcholáiste Cheatharlach ag deireadh na mbabhtaí agus tháinig foireann ón bPobalscoil agus ó Ghaelcholáiste Cheatharlach sa dara agus sa triú háit.

Tháinig breis is céad dalta ó bhunscoileanna an cheantair maille lena dtuismitheoirí agus lena múinteoirí le chéile i gClub Éire Óg le déanaí chun páirt a ghlacadh i Quizboird na mBunscoileanna. Bhí 23 foireann páirteach ó ocht scoil éagsúil. Ina measc bhí le daltaí ó Ghaelscoil Eoghain Uí Thuraisc, Scoil Bhaile Nua Dún Leicne, Scoil Dhiarmada, Scoil an Easpaig Uí Fhoghlú, Scoil Mhuire gan Smál, Scoil Náisiúnta Bheann na gCaorach, Scoil Náisiúnta Thigh an Raoireann, Scoil Náisiúnta Ard Lios agus Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa. Bhí idir mhúinteoirí, dhaltaí agus thuismitheoirí thar a bheith sásta le caighdeán na gceisteanna. Ag deireadh cúig bhabhta bhí foireann ó Scoil Náisiúnta Thigh an Raoireann chun tosaigh le 43 marc as 50 agus bronnadh an chéad áit orthu. Tháinig foireann ó Ghaelscoil Cheatharlach sa dara háit le 42 marc agus bhí foireann ó Scoil Bhaile Nua Dún Leicne sa triú háit le 40 marc. Deineadh comhghairdeas leis na foirne go léir a ghlac páirt i Spraoicheist na Féile agus bronnadh duaiseanna deasa ar na buaiteoirí uile.

Gabhann Glór Cheatharlach buíochas ó chroí leis na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na foirne uile a bhí páirteach i spraoicheisteanna Fhéíle an Fhómhair agus le muintir Éire Óg as na háiseanna a chur ar fáil dúinn. Go mbeirimid beo ar an am seo arís.

www.carlow-nationalist.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 22 Deireadh Fómhair 2013

Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach