Méid an Téacs

Sraith nua faisnéise, An Ceoldráma, ag tosú ar TG4

Eanáir 7, 2014

Beidh sraith bhreathnaitheach úrnua, An Ceoldráma, ag tosú ar TG4 ar an 12ú Eanair ag a hocht a chlog. Sraith cheithre pháirt (4 x 52 nóiméid) atá ann a leanann iarrachtaí cheithre Gaelscoileanna ar cheoldráma a chur ar an stáitse don Fhéile Scoildrámaíochta – féile atá 80 bliain ar an bhfód i mbliana.

Is sraith shiamsúil, ionspráideach atá ann a thugann dianléargas ar thraidisiúin na ceoldrámaíochta i nGaelscoileanna na tíre agus a thaispeánann conas mar is féidir leis an gceol agus an drámaíocht a dhul i bhfeidhm ar an aos óg Gaelach ina dteanga dhúchais.

Colm Bairéad (An tÁdh, Lorg na gCos) a thaifead agus a stiúraigh agus is í Cleona Ní Chrualaoi (Lorg na gCos, The Gathering: Homeward Bound) a léirigh an tsraith. Feictear saol an tseomra ranga agus mionsochaí na Gaelscoile ann, feictear dianchleachtadh na ndaltaí agus an dua a chuireann na múinteoirí orthu féin, feictear giotaí spleodracha ó na cuir i láthair agus tugtar léargas a ardóidh do chroí, ar an saol sa mbaile ag roinnt de na príomhcharachtair.

Leanann an tsraith scoil amháin ó gach cúige:

  • Gaelscoil Charraig Uí Leighin, Co. Chorcaí
  • Gaelscoil Ultain, Muineachán
  • Scoil Lorcáin, Baile Átha Cliath
  • Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach, Conamara

Is sraith í seo a thugann léiriú ar na miondrámaí taobh thair de na drámaí seo, a thugann le fios cén saghas dua agus deacracht a bhíonn i gceist le léiriúchán dá leithéad a thógaint ón bhfocal scríofa go dtí stáitse náisiúnta. Is sraith ghreannmhar, bhríomhar, dhathannach atá ins An Ceoldráma, í lán de mhothúcháin, sraith a mbeidh dúil ag idir óg agus aosta inti.

Is é an comhlacht léiriúcháin Inscéal a léirigh. John Murphy (Showrunners, Bliain in Árainn Mhór) a bhí mar eagarthóir ar an sraith. Rinneadh an tsraith a thaifead idir Eanair agus Bealtaine 2013 i suíomhanna éagsúla i mBaile Atha Cliath, Muineachán, Gaillimh, Dún na nGall, Corcaigh agus san Iarmhí.

Craolfar An Ceoldráma gach Domhnach ar TG4 ag 8i.n. ar feadh ceithre seachtainí ón 12ú Eanair.

Má tá tuilleadh eolais de dhíth, féadtar teacht ar Chleona Ní Chrualaoi ag cleonanic@gmail.com or 087-3296776

An Ceoldráma – Sceideal

Clár 1: An Fhéile Áitiúil (Corcaigh/Muineachán)
Dé Domhnaigh, 12ú Eanair 2014 – 8i.n. / Athchraoladh 14ú Eanair 12 meánoíche & 16ú Eanair 2i.n.

Clár 2: An Fhéile Áitiúil (BÁC/Gaillimh)
Dé Domhnaigh, 19ú Eanair 2014 – 8i.n. / Athchraoladh 21ú Eanair 12 meánoíche & 23ú Eanair 2i.n.

Clár 3: Na Féiltí Cúige (Na ceithre scoileanna)
Dé Domhnaigh, 26ú Eanair 2014 – 8i.n. / Athchraoladh 28ú Eanair 12 meánoíche & 30ú Eanair 2pm

Clár 4: An Fhéile Náisiúnta (Na ceithre scoileanna)
Dé Domhnaigh, 2ú Feabhra 2014 – 8i.n. / Athchraoladh 4ú Feabhra 12 meánoíche & 6ú Feabhra 2pm