Méid an Téacs

Stádas tríú leibhéal bainte amach ag Gaelchultúr

Iúil 17, 2013

Tá áthas ar Ghaelchultúr a fhógairt go bhfuil stádas mar institiúid tríú leibhéal bainte amach ag an gcuideachta. 
 
Coláiste na hÉireann atá roghnaithe againn mar ainm don institiúid nua seo. Cuirfear tús leis an gcéad chúrsa de chuid an choláiste, Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Mairfidh an clár seo trí sheimeastar ar fad agus beidh sé ag leibhéal 9 de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí. Ba é an comhlacht rialtais Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) a bhronn an stádas mar institiúid tríú leibhéal ar Ghaelchultúr.
 
Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán dírithe orthu siúd a bhfuil cumas maith sa Ghaeilge acu cheana féin ach ar mian leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim nó cur leis na scileanna atá acu sa réimse sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. Rachaidh an cúrsa chun sochair freisin dóibhsean ar spéis leo post a bhaint amach mar aistritheoir, riarthóir nó dlítheangeolaí in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.
 
Beidh an fhoghlaim chumaisc i gceist sa chúrsa, is é sin, meascán den staidéar ar líne, de ranganna beo ar líne, agus de léachtaí agus ranganna teagaisc sa seomra ranga. De bhrí go mbeidh go leor d’ábhar an chúrsa le fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, táimid dóchasach go n-éireoidh linn mic léinn a mhealladh ó gach cearn den tír.
 
Chun teacht ar thuilleadh eolais faoin Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, mar aon le bróisiúr an chúrsa agus foirm iarratais, téigh go http://gaelchultur.com/ga/iarcheim.aspx. Is féidir teacht ar eolas breise freisin ach glaoch ar (01) 484 5220 nó scríobh chuig eolas@gaelchultur.com.