Méid an Téacs

Stiúrthóir Nua Ceaptha ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Iúil 2, 2012

Cúis áthais do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a fhógairt go bhfuil an tUasal Kevin De Barra ceaptha mar Stiúrthóir úr ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Feidhmíonn an Chomhdháil mar scátheagraíocht ar 24 eagraíocht dheonach Ghaeilge agus thar ceann phobal na Gaeilge ar mhaithe leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge a athbheochan. Tiocfaidh Kevin De Barra i gcomharba ar an Uasal Pádraig Mac Criostail a bhí mar Stiúrthóir ar an gComhdháil ó 2007.

Is as An Spidéal, i gConamara é Kevin De Barra. D’fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh áit ar bhain sé Céim Tráchtála agus Máistreacht sa Ghnó agus sa Mhargaíocht amach, chomh maith le Dioplóma sa Ghaeilge, agus Dioplóma i Staidéar an Aistriúcháin. Le déanaí tá Máistreacht sa Ghaeilge Fheidhmeach bainte amach aige le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Tá an tUasal De Barra ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó bhí 2007 ann, ar dtús mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide Poiblí, ansin mar Rúnaí na Comhdhála, agus ó Feabhra na bliana seo bhí sé ag feidhmiú mar Stiúrthóir Gníomhach ar an gComhdháil. Roimh dó post a ghlacadh sa Chomhdháil, d’oibrigh Kevin mar Bhainisteoir Margaíochta Idirnáisiúnta leis an gcomhlacht QTEK Manufacturing Ltd. atá a gceanncheathrú lonnaithe i nGaillimh.

Ag labhairt dó ar cheapachán De Barra, dúirt Uachtarán na Comhdhála, Pádraig Mac Fhearghusa: “Cuireann an ceapachán seo go mór le cumas na Comhdhála ceannasaíocht a léiriú ar earnáil dheonach na Gaeilge sa tréimhse dhúshlánach atá amach romhainn. Tá sainscileanna agus saintaithí ag Kevin De Barra a rachaidh go mór chun tairbhe don Chomhdháil agus dá balleagraíochtaí, agus ar ndóigh do phobal na Gaeilge i gcoitinne”.

Preasráiteas de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge