Méid an Téacs

Suíomh ceadaithe ag an Aire Oideachais do Ghaelcholáiste Charraig Uí Laighin

Iúil 7, 2010

Beidh iarbhunscoil lán-Ghaeilge ag Carraig Uí Laighean laistigh de cúpla bliain. Chur an Teachta Dála áitiúil Michael McGrath an dea-scéal in iúl do choiste bunaithe an Ghaelcholáiste ag deireadh na seachtaine seo chaite. Fuair an tUasal McGrath litir leis an scéal a dhearbhú ón Tánaiste, an tAire Oideachais agus Scileanna, Mary Coughlan. Cheadaigh an tAire ceannach suíomh 21 acra, ar a lonnófar an Gaelcholáiste, bunscoil nua (is féidir go mbogfaidh Gaelscoil Charraig Uí Laighin ann) agus scoil do pháistí le riachtanais speisialta.

Beidh an Gaelcholáiste lonnaithe i mBaile an Riabhaigh, Carraig Uí Laighean. Beidh an Coiste Gairmoideachais mar phátrún ar an nGaelcholáiste agus tá pleananna ann leis an suíomh a fhorbairt, le háiseanna den scoth ann le freastal ar suas go 700 mac léinn. Má chineann an bunscoil, Gaelscoil Charraig Uí Laighin, ar bogadh ann, beidh sé mar an campas is mó dá chineál, le bun- agus iarbhunscoil lán-Ghaeilge chomh maith le scoil do pháistí le riachtanais speisialta ar aon suíomh amháin.

Chur an nuacht an-áthas ar Oifigeach Caidrimh Poiblí an choiste, Adrian Breathnach, “Táimid ar bís ar fad an fógra seo a fháil. D’oibrigh an coiste go h-an dian le dhá bhliain anuas le seo a bhaint amach, tá ceann de na gaelscoileanna is mó sa tír ag Carraig Uí Laighin agus luíonn sé le ciall go mbeadh iarbhunscoil lán-Ghaeilge ann chomh maith.”

Chur cathaoirleach an choiste, Noel O’Regan, an-fháilte roimh an nuacht chomh maith agus dúirt sé go raibh “tacaíocht den scoth faighte ó thuismitheoirí ó Charraig Uí Laighean go Cóbh, Dúglas agus Béal Guala go dtí seo agus lena dtacaíocht leanúnach bheadh sé i gceist againn an Gaelcholáiste is fearr sa tír a chur ar fáil d’ár daltaí.”

Dar leis an tUasal  O’Regan, “tá breis agus 460 mac léinn cláraithe ag a dtuismitheoirí leis an scoil nua. Léiríonn sé seo go soiléir go dteastaíonn oideachas trí mheán na Gaeilge ó thuismitheoirí agus páistí Charraig Uí Laighin agus na bunscoileanna sa cheantar máguaird. Tá fáilte roimh iarratais ar áiteanna scoile ó thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge nó Béarla. Tabharfar cabhair bhreise do pháistí ag teacht ó scoileanna Béarla ag tús na scoilbhliana má tá gá acu leis. Déanfaimid ár ndícheall le cinntiú go mbeidh an Gaelcholáiste ar fáil do gach páiste sa cheantar ar fágáil na bunscoile dóibh.”

Thar ceann an choiste bunaithe, ghabh an tUasal O’Regan buíochas le gach éinne a bhí bainteach leis an bhfeachtas, ina measc siúd an Teachta Dála Batt O’Keeffe (le linn a ré mar Aire Oideachais), iar Theachta Dála Barry Cogan agus cathaoirleach Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí, Barra O’Briain.

Léiríonn taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go bhfuil gastacht meabhrach, scileanna cumarsáide agus feasacht cultúrtha níos fearr ag páistí a fhaigheann oideachas dátheangach nó ilteangach, agus go mbíonn cumas foghlamtha teanga níos fearr acu chomh maith.

Tá tuilleadh eolais maidir le forbairt na scoile ar fáil ar an suíomh www.gaelcholaistecarrigaline.net.