Suíomh nua d’iar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Meán Fómhair 18, 2012
Tá suíomh nua www.ceacht.ie ar fáil anois do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus gaelscolaíochta.
Is éard bheidh i gceist leis, ná ábhar foghlama agus clár teagaisc Gaeilge d’iar-bhunscoileanna atá nua-aimseartha agus dúshlánach a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus gaelscolaíochta.
Is tionscadal é seo de chuid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. Is í Siún Ní Mhaoinaigh, Stiúrthóir an tionscadail seo agus tá Aoife Ní Chonchúir agus Úna Nic Gabhann ag obair air chomh maith.
Beidh ábhar nua á chur leis an suíomh go rialta le linn na scoilbhliana.
- Acmhainní don Teastas Sóisearach
- Acmhainní don Ardteistiméireacht
- Podchraoltaí
- Físe, Fuaim
- Feachtas Teanga
Beidh an suíomh seolta go hoifigiúil ag Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Naoise Ó Muirí ar an 28 Meán Fómhair 2012. Breis eolais le fáil ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.
Foilsithe ar Gaelport.com