Méid an Téacs

Suirbhé Pobail ar Sheirbhís Nuachta Gaeilge – Glac Páirt agus Scaip an Scéal

Márta 25, 2013

Ba mhaith le Foras na Gaeilge tú a chur ar an eolas maidir le suirbhé nua atá le comhlánadh – tá an suirbhé seo dírithe ar phobal labhartha na Gaeilge ar mhaithe lena gcuid mianta agus tuairimí a thomhas i dtaca le treochtaí léitheoireachta nuachta agus rogha formáide is fearr do sheirbhís nuachta Gaeilge amach anseo. Tugtar cuireadh duitse an suirbhé a chomhlánadh agus an scéal a scaipeadh le daoine eile – féach thíos maidir le mionsonraí:

Comhthéacs: Tá seirbhís rialta nuachta á soláthar do phobal na Gaeilge i bhformáid chlóite le breis agus 100 bliain ó nuachtáin laethúla agus seachtainiúla. Léiríonn an meath leanúnach atá tagtha ar dhíolachán nuachtán lán-Ghaeilge go bhfuil gnáthaimh léitheoireachta nuachta phobal na Gaeilge athraithe agus á n-athrú i rith an ama.

Sprioc: Is mian le Foras na Gaeilge freastal ar phobal léitheoireachta na Gaeilge agus céimeanna a ghlacadh a chuirfidh leis an bpobal sin. Chuige sin, ba mhaith le Foras na Gaeilge mianta agus riachtanais phobal na Gaeilge féin a mheas ina leith. Cuideoidh torthaí an taighde seo le Foras na Gaeilge aontú ar an gcur chuige is fearr chun seirbhís nuachta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge taobh istigh d’acmhainní teoranta an Fhorais.

Amscála: Iarrtar ar an bpobal freagairtí ar an suirbhé thíos a chur chuig Foras na Gaeilge faoi 12.00 meán lae an 16 Aibreán 2013.

Is féidir an suirbhé seo a chomhlánadh beo ar-líne ag www.gaeilge.ie/suirbhe