Méid an Téacs

Tá Coirm Gael Linn 2018 faoi lán seoil!

Feabhra 9, 2018

Bhí suas le 600 aisteoirí, ceoltóirí agus rinceoirí ar stáitse go dtí seo ag féilte i Mainistir Fhear Muí agus Ros Mhic Thriúin.

Léirigh Gaelscoileanna ó chontaetha Corcaigh, Tiobraid Árann, Loch Garman, Port Láirge, Ceatharlach agus Baile Átha Cliath, seónna de ardchaighdeán in Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Muí ar an gCéadaoin, 7 Feabhra agus in Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic Thriúin ar an Déardaoin, 8 Feabhra. Roghnaigh gach scoil an téama dá seó féin, agus bhí meascán de mhíreanna -drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach ceann. Bhí deis ag gach scoil tallanna éagsúla a gcuid scoláirí, ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla, a chur i láthair.

Bhain na scoláirí sult as seónna a chéile a fheiceáil, agus chuir an fear grinn iomráiteach, ‘Giggles’, go mór leis an tsiamsaíocht don lucht féachana, lena chuid geaitsíochta idir mhíreanna!

Cé nach bhfuil comórtas i gceist le Coirm Gael Linn, tugtar aitheantas (i bhfoirm gradaim) do sheónna, nó do mhíreanna as seónna, a bhíonn ar ard-chaighdeán. Mhol an léirmheastóir, Liam Mac an Mhaoir, na múinteoirí díograsacha ó na scoileanna uilig a léirigh agus a stiúraigh na seónna i Mainistir Fhear Muí agus i Ros Mhic Thriúin, agus bhí sé flaithiúil leis na gradaim ! Comhghairdeas leis na scoláirí agus na múinteoirí ar aon !

Tá áit lárnach ar an bhféilire bunscoile ag Coirm Gael Linn agus beidh seacht gcinn eile de fhéilte ar siúl in amharclanna ar fud na tíre roimh dheireadh mhí an Mhárta, mar seo a leanas:

Dé Céadaoin 21 Feabhra 2018 – Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC
Dé Máirt 27 Feabhra 2018 – Amharclann Hawks Well, Sligeach
Dé Céadaoin 28 Feabhra 2018 – Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha
Déardaoin 1 Márta 2018 – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
Dé hAoine 2 Márta 2018 – Amharclann Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill
Dé Luain/Dé Máirt 5/6 Márta 2018 – Amharclann na Cathrach, Gaillimh
Dé Máirt 13 Márta 2018 – Siamsa Tíre, Trá Lí

Cuirfear tús le nach mór gach féile c. 10.30 a.m. agus beidh fáilte roimh lucht féachana ach eolas a chur chuig Gael Linn
( 01:6751200 ) roimhré.

‘Agus Gael Linn ag comóradh 65 bliain ar an bhfód i 2018 , táimid ag coinneáil lenár dtraidisiún fad-bhunaithe, is é sin, cur chun cinn na Gaeilge trí mheán na healaíona’, a dúirt Seán Ó Ceallaigh, Feidhmeannach Sinsearach leis an eagras. ‘Is cúis áthais dúinn go mbeidh deis ag suas le 3,000 scoláire bunscoile a gcuid Gaeilge a chleachtadh ar bhealach taitneamhach, spraíúil, ag féilte Coirm, i mBliain seo na Gaeilge ach go háirithe’.

Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/087:2623953/niamh@gael-linn.ie
GG 4 Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc

 

GG 3 Gaelscoil de hÍde