Méid an Téacs

Tacaíocht d’ESG léirithe ag Uachtarán na hÉireann

Samhain 26, 2013

Mícheál D. Ó hUiginn “an-sásta tacú leis an obair go léir atá idir lámha ag Gaelscoileanna agus ESG chun an fhianaise a spreagadh go barr feabhais”

‘Ó fhianaise go barr feabhais’ ab ea téama Chomhdháil Ghaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) na bliana seo a reáchtáladh ar an mBóthar Buí i gCo. na Mí ag an deireadh seachtaine.

Is comhdháil bhliantúil í seo a dhíríonn ar gach duine atá bainteach leis an scolaíocht lán-Ghaeilge, múinteoirí agus príomhoidí na scoileanna ag an mbunleibhéal agus iar-bhunleibhéal ag a reáchtáiltear léachtaí, grúpaí sainspéise agus ceardlanna le linn an deireadh seachtaine agus bíonn an-tóir ar imeachtaí na comhdhála gach bliain.

Ba chúis mhór cheiliúrtha í comhdháil na bliana seo mar gheall go bhfuil Gaelscoileanna Teo. ag comóradh 40 Bliain in i mbliana agus cuireadh fáilte roimh aoi an-speisialta go deo, Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, ar Dé hAoine le tús a chur leis an deireadh seachtaine ceiliúrtha.

Sheol ESG Teimpléad do Pholasaí Gaeilge do bhunscoil Gaeltachta, áis a chabhróidh le scoileanna a bpolasaí Gaeilge a dhréachtadh, le linn an deireadh seachtaine.

Ag caint ag an gcomhdháil, dúirt Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn go bhfuil “ról an-tábhachtach ag na scoileanna Gaeltachta cumas sa Ghaeilge a chothú agus tacú le húsáid na Gaeilge i measc phobal na Gaeltachta”.

Ghlac Bord Stiúrtha ESG cinneadh i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo go ndéanfaí an eagraíocht a scor de bharr go bhfuil diúltaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aon mhaoiniú a chur ar fáil don eagraíocht ó thús na bliana seo chugainn ar aghaidh.

Bunaíodh ESG, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne i gContae Chorcaí, sa bhliain 2006 mar scátheagraíocht do bhunscoileanna agus meánscoileanna Gaeltachta. Bhí ESG agus Gaelscoileanna i gcomhchainteanna maidir le cónascadh a shocrú idir an dá eagraíocht ó bhí 2011 ann, ach cuireadh bac ar na cainteanna seo toisc nár éirigh leis an dá mhaoinitheoir a bhí i gceist – Foras na Gaeilge agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta – teacht ar aon réiteach maidir le cúrsaí maoinithe.

Chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in iúl le déanaí nach bhféadfadh sí páirt a ghlacadh i gcomhráití idir dhá eagraíocht dheonach maidir le cónascadh na n-eagraíochtaí sin fad is a bhí an próiseas sin ag dul ar aghaidh.

“Údar dóchais do scoileanna na Gaeltachta an tacaíocht láidir a léirigh Uachtarán na hÉireann dá gcuid oibre, agus an tuiscint a léirigh sé ar thábhacht Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta,” a dúirt Anna Ní Chartúir, LeasChathaoirleach ESG.

©Foilsithe ar Gaelport.com 26 Samhain 2013