Méid an Téacs

Tacaíocht do Dhaltaí le Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) i Scoileanna Lán-Ghaeilge

Márta 1, 2016

I gcomhpháirt le Gaelscoileanna Teoranta agus le Scoil an Oideachais i UCD, agus le cabhair ó COGG, tá taighde idir lámha againn faoi staid reatha sholáthar RSO i mbunscoileanna lán-Ghaeilge. Is í aidhm an taighde seo ná tuiscint a fháil ar an ndea-chleachtas, i leith soláthair RSO, atá á chur i bhfeidhm i scoileanna lán-Ghaeilge. Tá Gaelscoileanna Teo. i mbun oibre ar son na hearnála chun na láidreachtaí agus na dúshláin san earnáil a mheas, chun an cur chuige is fearr a aithint don eagras agus iad i mbun stocaireachta, agus chun stádas scoileanna lán-Ghaeilge san earnáil a phlé.

Chuige sin, seo nasc chuig suirbhé ar-líne: https://www.surveymonkey.com/r/RSO-i-Scoileanna . Tuigimid go dtagann go leor suirbhéanna chun na scoile, ach tá fíorthábhacht ag baint leis an gceann seo ionas gur féidir linn freastal ar an bhfás agus bhforbairt a bhaineann le réimse na riachtanais speisialta sa chóras LánGhaeilge agus a bheith in ann pleanáil chucu dá bharr. Bheimis go mór faoi do chomaoin dá bhféadfá, nó dá bhféadfadh ball den fhoireann tacaíochta/RSO, an ceann seo a líonadh. Tá fáilte roimh phríomhoide, leasphríomhoide, múinteoir tacaíochta nó acmhainne nó aon mhúinteoir eile sa scoil an suirbhé seo a líonadh.

Tá muid an-bhuíoch as do chuid comhoibrithe.

An Suirbhé: Cabhróidh torthaí an tsuirbhé seo go mór linn léargas cruinn a chruthú ar an gcóras agus ar staid reatha soláthar RSO. Tá 30 ceist sa suirbhé agus ní cóir go dtógfaidh sé i bhfad é a líonadh.

Rúndacht: Má líonann tú an suirbhé, beidh na torthaí in úsáid mar chuid de thráchtas i Scoil an Oideachais i UCD, agus mar thaighde Ghaelscoileanna Teo. Ní lorgófar aon ainm ná eolas aitheantais.

Buntáistí an Taighde: Tá bearna sa taighde ar staid reatha RSO i scoileanna lán-Ghaeilge. Táimid ag súil go dtaispeánfaidh ár dtaighde an dea-chleachtas atá á chur i bhfeidhm i scoileanna lán-Ghaeilge.

Deireadh an Taighde: Nuair a bheidh torthaí bailithe, bainfear úsáid as na sonraí chun alt a scríobh i Scoil an Oideachais, UCD, agus chun treoir a chur ar fáil do Ghaelscoileanna Teo. maidir le soláthar RSO i scoileanna lán-Ghaeilge. Roinnfear na torthaí le cibé scoileanna ar mian leo iad a fháil.

Ceisteanna: Má tá aon cheist nó léirmheas agat maidir leis an suirbhé nó an taighde, chuirfimis fáilte roimh do theagmháil, agus tá ár gcuid sonraí le feiscint ag deireadh na litreach seo.

Is sinne, le meas,

Máire Bairéad
mary.barrett.1@ucdconnect.ie
(Múinteoir Gaelscoile/Síceolaí Oideachais faoi Oiliúint, UCD)

Clodagh Ní Mhaoilchiaráin
clodaghni@gmail.com
(Príomhoide Gaelscoile/Cathaoirleach an Fhochoiste um Oideachais Riachtanais Speisialta, Gaelscoileanna Teo.)

Stiúrthóir an Taighde: Dr. William Kinsella (william.kinsella@ucd.ie)