Méid an Téacs

Taibhiú tallainne den scoth ag Craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2018!

Feabhra 1, 2018

Bhí taibhiú tallainne den scoth ag Craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2018 in amharclann ‘Clasach’, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath ar an gCéadaoin, 31 Eanáir seo caite! Chuaigh ós cionn 300 scoláire ó Gaelcholáistí agus ó scoileanna dara leibhéal Gaeltachta, a cháiligh tríd réamhbhabhtaí timpeall na tíre roimh Nollaig, ar stáitse i rith buaicphointe seo an chomórtais. Bíonn béim ar na healaíona comhaimseartha ag Scléip agus bhí iomaíocht ghéar ó gach Cúige sna rannóga ceoil, amhránaíochta, rince, agus drámaíochta uilig.

Chun freastal ar an líon mhór iomaitheoirí i mbliana, reáchtáladh dhá halla comórtais i rith na maidine. Sa phríomh-halla, bhí léirithe fuinniúla sna comórtais do rince cruthaitheach, sceitse nua-chumtha agus slua-amhránaíocht ó scoláirí Chonnachta agus na Mumhan – Coláiste na Coiribe, Coláiste N. Fheichín, Corr na Móna agus Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Contae na Gaillimhe, mar aon le Coláiste Íde agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne ó Daingean Uí Chúis agus Gaelcholáste Mhuire AG, Corcaigh. Bhí ionadaíocht mhaith sna comórtais seo chomh maith ó Chúige Laighean- Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Gaelcholáiste Chill Dara, Gaelcholáiste Cheatharlach, Coláiste Lú, Dún Dealgan agus Scoil Chaitríona, Glasnaíon,Baile Átha Cliath, in éineacht le Coláiste Oiriall, Muineachán agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair ó Chúige Uladh. Ba iad Síle Ní Dhuibhne, Máire Uí Mhurchú agus Con Ó Tuama a bhí i mbun moltóireachta agus bhíodar an-sásta leis an gcaighdeán tríd síos. Bhí na comórtais amhránaíochta agus ceoil aonair ar bun i Seomra Tom Corbett ag an am céanna, le hiomaitheoirí ó na scoileanna céanna agus ó Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh agus ó Bhaile Átha Cliath, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin agus Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair. Arís, bhí na moltóirí, Enda Reilly agus Pádraig Ó Conghaile ( aka MC Muipéad ) an-mholtach faoi na hamhránaithe agus na ceoltóirí óga, cuid acu a chur píosaí ceoil nó amhráin féin-chumtha ós a gcomhair.

Chruinnigh slua mór mílteach isteach sa phríomh-halla i ndiaidh am lóin do chomórtais an tráthnóna – na grúpaí amhránaíochta. Chuir Niamh Ní Chróinín ó Raidió Rí Rá na hiomaitheoirí i láthair agus páirteach an t-am seo, anuas ar cheoltóiri ó na scoileanna thuasluaite, bhí scoláirí ó Scoil Phobail Mhic Dara, Cárna, Coláiste Pobail Ráth Chairn agus Gaelcholáiste Luimnigh. D’éirigh leis na grúpaí an lucht féachana a chur ag luascadh agus ag preabadh lena dtaispeántais beoga ! Agus ní raibh duine ar bith sa halla in éad leis na moltóirí nuair a tháinig an t-am chun duaiseoirí a roghnú ! Thugadar léirmheasanna dearfacha faoi na míreanna éagsúla, agus fograíodh na buaiteoirí i ngach comórtas. Bronnadh duais don dara háit sna comórtais ina raibh cúigear iomaitheoir nó mó, chomh maith. Anuas air sin, bhí Gradam Scléip 2018 le bronnadh ar an amhránaí/ceoltóir aonair nó ar an ngrúpa is mó a sheas amach ó na buaiteoirí uilig sna comórtais ceoil/amhránaíochta. Ba é Ruairí Mac Lochlainn ó Choláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill, a roghnaigh na moltóirí i mbliana, agus bhí lúchair air glacadh leis an ngradam speisialta seo.

Bhí Gradam Nós 2018 le bronnadh leis don amhrán nua-chumtha ab fhearr sna comórtais amhránaíochta, canta ag duine aonair nó ag grúpa. Tugadh an t-aitheantas seo i mbliana do Róisín Seoighe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe as a saothar, agus bhí riméad uirthi !

Comhghairdeas leis na duaiseoirí ar fad a leanas:

Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) SÓISEAR:

An Chéad Áit: ‘Spéirling’, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe

Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) SINSEAR:

An Chéad Áit: ‘Eiliminteach’, Gaelcholáiste Cheatharlach

Sceitse Nuachumtha:

An Chéad Áit: ‘An Toghchán’, Gaelcholáiste Chill Dara, An Nás, Co. Chill Dara

Slua-Amhránaíocht:

An Chéad Áit: ‘Blaisín’, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman

An Dara hÁit: ‘Gliondar’, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú

Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) SÓISEAR:

An Chéad Áit: Aisling Nic Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill

An Dara hÁit: Michael Holden, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí

Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) SINSEAR:

An Chéad Áit agus Gradam Scléip 2018: Ruairí Mac Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill

Amhránaíocht ( Aonair ) Chomhaimseartha le Féintionlacan -SÓISEAR:

An Chéad Áit: Jessica Dingle, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath

An Dara hÁit: Shonagh Ní Threabhair, Gaelcholáiste Cheatharlach, Ceatharlach

Amhránaíocht ( Aonair ) Chomhaimseartha le Féintionlacan –SINSEAR:

An Chéad Áit: Tadhg Ó Grifín, Gaelcholáiste Cheatharlach, Ceatharlach

An Dara hÁit agus Gradam Nós 2018: Róisín Seoighe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Grúpaí Amhránaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan – SÓISEAR:

An Chéad Áit: Mia, Sophie & Alannah, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath

An Dara hÁit: ‘Ré Nua’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon, Baile Átha Cliath

Grúpaí Amhránaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan – SINSEAR:

An Chéad Áit: ‘Tabú’, Gaelcholáiste Cheatharlach, Ceatharlach

An Dara hÁit: ‘Smugairle Róin’, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí

Beidh taifeadadh á dhéanamh ar fhormhór na buaiteoirí sna comórtais amhránaíochta agus beidh deis ag lucht éisteachta raidió deis iad a chloisteáil ar leithéidí Raidió Fáilte, Raidió Rí Rá, Raidió na Life agus Nós amach anseo.

Thar ceann Gael Linn, mhol Seán Ó Ceallaigh na múinteoirí díograsacha a spreag na daltaí le bheith páirteach sa chomórtas agus dúirt: ‘Tá Gael Linn ag comóradh 65 bliain a bhunaithe faoi láthair, agus bhí sé mar sprioc ariamh ag an eagras an Ghaeilge a chur chun cinn trí mheán an cheoil agus na n-amhrán. Is ceiliúradh é Scléip ar na healaíona comhaimseartha, agus táimid an-sásta faoin líon daoine óga a raibh deis acu a gcuid tallainne a léiriú trín gcomórtas, i mBliain seo na Gaeilge ach go háirithe’. Ghabh sé buíochas le Foras na Gaeilge as a dtacaíocht leanúnach airgid don chomórtas.